Tuairiscítear beirt bhan ón tír seo a bheith sáinnithe ar long pléisiúrtha lámh le Panama i Meiriceá Láir.

Tá imní léirithe ag a muintir do Barbara Goodwin agus a deirféar Ursula Fearon.

71 bliain d'aois atá Barbara Goodwin, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Droma i gCo.Bhaile Átha Cliath agus 69 atá Ursula Fearon, a bhfuil cónaí uirthi i nDoire.

Deirtear nach bhfuiltear in ann aon teagmháil a dhéanamh leo anois le 48 uair a'chloig.

Tá iníon Barbara, Suzanne Goodwin ag iarraidh ar an Rialtas anseo a máthair agus a haintín, chomh maith le saoránaigh Éireannacha eile atá ar bord a tharrtháil ar eagla go ngabhfadh víreas an Covid 19 in olcas ar an long.

MS Zaandam

Creideann sí nach bhfuil dóthain de fhoireann leighis ar bord loinge ansin le déileáil leis.

Tá ceathrar paisinéirí básaithe cheana féin ar an MS Zaandam, agus breis is 130 eile a bhfuil comharthaí sóirt fliú orthu.

Tuigtear go bhfuil deichniúr Éireannach ar bord na loinge sin.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an eolas faoin scéal

Tá sí ag déanamh a bealach thríd Chanáil Panama faoi láthair ar a bealach go Florida sna Stáit Aontaithe, ach níl aon chinnteacht ann a deirtear go gceadófar di tarraingt isteach le cuan ansin.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo ar an eolas faoin scéal agus tá teagmháil déanta aige le roinnt paisinéirí ar bord.