Tá Ollscoil na hÉireann Gaillimh dúnta don bhfoireann agus do mhic léinn faoi láthair ach tá iarrachtaí deonacha agus gairmiúla ar bun ag an Ollscoil san fheachtas i gcoinne an choróinvíris. 

D'fhógair an Ollscoil inniu go bhfuil cuid dá bhfoireann aistrithe chuig cúraimí éagsúla a bhaineann le taighde sna réimsí cúraim sláinte, innealltóireachta agus fearais leighis. 

Tá baill foirne agus mic léinn ón Léann Cúraim Sláinte anois ag obair do Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cabhrú leo rianú a dhéanamh ar dhaoine a raibh teagmháil fhisiciúil acu le hothair a bhfuil COVID19 tolgtha acu.

Tá an Ollscoil ag comhoibriú leis na comhlachtaí Tympany, Venari Medical agus Endowave ar thogra leis an chontúirt ionfhabhtaithe a bhaineann le seachadadh ard shruth ocsaigine a laghdú.

Freisin tá foirne innealltóireachta agus ríomhaireachta ag obair i gcomhar le CISCO, Apple agus IBM le háiseannaa físghlaonna a fhorbairt a chuirfidh ar chumas othair atá ag féin leithlisiú fanacht i dteagmháil lena dteaghlaigh.

Tá oibrithe san Ionad MakerSpace san Ollscoil ag úsáid clódóirí trí thoiseacha as leabharlann na hOllscoile chun sciatha cosanta aghaidhe a phriontáil.

Is le comhaid oscailte ríomhaireachta a dhear an comhlacht Prusa i bPoblacht na Seice an sciath, rud a chiallaíonn go bhfuil cead ag aon duine é a úsáid anois.

Tá an sciath in úsáid cheana féin ag an Aireacht Sláinte i bPoblacht na Seice.

Tá súil ag oibrithe insa MakerSpace beannacht na Feidhmeannachta Sláinte a fháil le go mbeidh cúramóirí sláinte ábalta leas a bhaint as chun iad féin a chosaint.