Tá sé deimhnithe go bhfuil an coróinvíreas ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus ar Rúnaí Sláinte na Breataine Matt Hancock.

Deir an Príomh-Aire atá 55 bliain d'aois go bhfuil comharthaí de Covid 19 air ach deir sé nach bhfuil sé ró-dhona.

Deir Boris Johnson go leanfaidh sé air ag obair ón baile chun ceannasaíocht a ghlacadh ar fhreagra an Rialtais i leith na ráige.

Tá sé tugtha le fios ag an bPríomh-Aire go bhfuil sé anois ag fanacht glan amach ó dhaoine ach go mbeidh sé ar fáil ar fhíseáin comhdhála chun leanúint ar aghaidh ag dul i ngleic le géarchéim an choróinvíris. 

I bhfíseán a d'eisigh sé ar Twitter inniu, thug Rúnaí Sláinte na Breataine Matt Hancock le fios go raibh an víreas ar fhéin chomh maith agus go mbeidh sé ag fanacht sa mbaile go dtí Déardaoin seo chugainn.

Dúirt sé nach raibh na comharthaí den víreas atá air ró dhona agus go mbeidh sé ag leanúint air ag obair ón baile.

Tá sé fógartha chomh maith go bhfuil comharthaí den víreas ar Leas-cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, Angela Rayner agus go bhfuil sí ag fanacht sa mbaile chomh maith.