Tá an agóid atá ar bun ag iascairí sa Daingean agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra cáinte ag eagraíochtaí iascaigh.

Tá na hiascairí ag cur bac ar bháid ón iasacht atá ag iarraidh ládálacha éisc a chur i dtír ar na céanna mar gheall ar imní a deir siad atá orthu fé scaipeadh an ghalair Covid-19 nuair a théann criúnna na mbád isteach faoi na bailte. 

I ráiteas inniu, deir seacht n-eagraíocht iascaireachta in Éirinn go bhfuil na hagóidí gan bhunús agus gur chóir do na hiascairí éirí astu.

Deirtear sa ráiteas go bhfuil srianta i bhfeidhm ag calafoirt cheana féin maidir le smachtú an ghalair agus go bhfuil na hagóidí ag déanamh díobhála don gcaidreamh idir flít iascaigh na hÉireann, na Spáinne agus na Fraince.

Tá na húdaráis mhara i gcomhráite leis na hiascairí fé láthair féachaint an bhféadfaí beartais a chur i bhfeidhm ar na céanna a shásódh na hiascairí.