Bhí radharc a bhainfeadh deoir as cloch le feiscint i gCorca Dhuibhne inné nuair a bheartaigh an pobal a gcómhbhrón a chur in iúl do chlann mná agus í á cur i gcré na cille.
De dheasca srianta a bhaineann le Covid-19, ní raibh ar chumas mhuintir Ryan ó Bhaile an Fheirtéaraigh Betty Ryan a thórramh sa bhaile agus ní raibh cead isteach sa tsáipéal ag an bpobal le haghaidh Aifreann na sochraide.
Ach mar chomhartha ómóis don mbean a bhí caillte, bhailigh daoine ar dhá thaobh an bhóthair, fad dhá chiliméadar ón sáipéal i mBaile an Fheirtéaraigh go dtí an reilig i nDún Urlann, agus iad ag coimeád amach óna chéile.
Dúirt Carol Ryan, iníon Bhetty, go gcuaigh an taispeántas go mór i bhfeidhm ar an gclann agus gur thug sé ardú croí dóibh agus iad ag caoineadh a máthar.