skip to main content

900 meaisín anála agus na milliúin masc cosanta ordaithe

Mascanna cosanta á dtáirgeadh i mbaile Berdsk in iarthar na Sibéire (Pic: Getty)
Mascanna cosanta á dtáirgeadh i mbaile Berdsk in iarthar na Sibéire (Pic: Getty)

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil 900 meaisín anála ordaithe acu sa chás go mbeidh siad ag teastáil ó dhaoine atá fulaingt leis an ngalar Covid-19. 

Deir an Fheidhmeannacht go mbeidh na fearais nua seo acu faoi dheireadh na míosa. 

Tá 1,229 meaisín anála ar fáil sa tír cheana féin.

Chomh maith leis sin, tá na milliún masc, spéaclaí cosanta agus cumhdach éadan le seachadadh chun na tíre seo ón tSín as seo go ceann cúpla seachtain. 

Deir an Fheidhmeannacht freisin go bhfuil siad ag déanamh socruithe le drioglanna agus le déantúsóirí ábhar plaisteach chun tuilleadh díghalrán lámh a chur ar fáil. 

Tá lucht F1 (Foirmle a hAon) - leithéidí McLaren, Red Bull, Williams, Mercedes agus Ferrari - chun cuidiú le comhlachtaí sa Bhreatain agus san Iodáil fearais anála á tháirgeadh. 

Tá ardscileanna ag innealtóirí na bhfoirne sin i ndearadh meaisíneacha dá sórt.