Tá sé fógrartha ag an gcomhlacht ollmhargaí Aldi go bhfuil sé i gceist acu cur leis an 4,000 duine atá fostaithe acu sa Phoblacht le freastal ar an éileamh ollmhór atá tagtha ar tháirgí bia agus dí ó thosaigh géarchéim an choróinvíris.
Dúirt Aldi go ndéanfaidh siad iarracht daoine a chaill a bpoist sna hearnálacha fáilteachtais agus miondíola le seachtain a earcú.
Tá na comhlachtaí móra ollmhargaí ar fad ag déanamh iarrachtaí forleathadh an choróinvíris a chosc i measc a bhfoirne agus a gcustaiméirí.
Tá Supervalu ag feistiú scáileáin chosanta trédhearcacha ag na scipéid ina gcuid siopaí uile.
Tá Tesco ag cruthú líne chosanta dhá mhéadar ó na scipéid. Iarrann siad ar chustaiméirí a gcuid ceannach a chur in airde ar an chrios iompair agus bogadh ansin chuig an taobh eile den scipéad lena málaí a líonadh.
Deir an comhlacht nach bhfuil siad ag cur cuótaí i bhfeidhm ar tháirgí ar leith ach gur féidir le siopa gan ach méid áirithe a cheadú do chustaiméir, má shíleann siad go bhfuil an custaiméir ag ceannach thar ró.
Dúirt urlabhraí le Tesco le Nuacht RTÉ/TG4 tráthnóna gur fíor do na tuairiscí go bhfuil méadú as cuimse tagtha le seachtain ar an éileamh ar a seirbhís seachadta baile.
Dúirt sí go bhfuil na foirne pacála agus tiomána ag obair lá agus oíche ag iarraidh na horduithe a sheachadadh, agus go bhfuil siad ag iarraidh a chinntiú go dtugtar tús áite do dhaoine os cionn 65 bliain d'aois.
Ón Aoine seo amach, cuirfidh Aldi an seal ama idir 11 agus 1 a chlog i leataobh gach aon lá do dhaoine aosta agus leochaileacha lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh sa 142 ollmhargadh atá acu.