skip to main content

Deimhniú gur 214 duine atá tar éis an víreas corónach a tholgadh, - 169 ó dheas agus 45 ó thuaidh

169 cás atá sa bPoblacht agus 45 i dTuaisceart Éireann
169 cás atá sa bPoblacht agus 45 i dTuaisceart Éireann

Tá sé deimhnithe ag na Ranna Sláinte ar an oileán gur 214 duine atá tar éis an víreas corónach a tholgadh, - 169 ó dheas agus 45 ó thuaidh.

40 cás atá deimhnithe sa bPoblacht le 24 uair a chloig, 23 fear agus 17 bean.

Go tíreolaíoch, an taobh thoir den tír atá 25 de na cásann nua, 9 gcás an taobh thiar, agus 6 cinn sa deisceart.

Beirt go dtí seo atá tar éis bháis sa tír.

I gcás 80% de na daoine a fhaigheann Covid-19, tinneas nach mbíonn an-dian atá i gceist. Bíonn an galar níos tromchúisí i gcás 14%. Tá baol mór ag baint le 6% de na cásanna.

Tá an Príomhoifigeach Leighis, an Dr. Tony Holohan, ag moladh go tréan do dhaoine gan cóisir ná cruinniú mór a eagrú i dtithe daoine ná in aon láthair eile le Féile na nGael a cheiliúradh anocht agus amárach.