Tá scannáin fíorluachmhara a thugann léargas tábhachtach ar an saol in Éirinn sna 1920í aimsithe i Meiriceá.
Ba é Benjamin T Gault, caomhantóir agus nádúraí, a dhein na scannáin le linn dó bheith in Éirinn ag bailiú éanlaithe mara, uibheacha and ainmhithe eile.
Glacadh na taifeadtaí luachmhara ar rollaí níotráite 35mm i gCiarraí agus i gCorcaigh idir na blianta 1925-1927.
Is é Mícheál Ó Mainnín a d'aimsigh an t-ábhar agus é ag fiosrú scéil a bhí ag a athair críonna fén Meiriceánach a bhí i mbun taifeadta sa cheantar fadó:
"Dúirt m’athair críonna, Mick 'Neilí’ Ó Mainnín go raibh an Meiriceánach so sa cheantar agus é ag bailiú éanlaithe is rudaí. Ní raibh aon easpa airgid air agus dhíolfadh sé na hiascairí as an méid a thugaidís chuige. Ach dúirt m’athair críonna go raibh ceamara aige chomh maith agus go dtóg sé scata films sa cheantar."
Rince seite ar an mBuailtín i gCorca Dhuibhne (Pic: Le caoinchead Chicago Academy of Sciences)
D’aimsigh an Mainníneach cnuasach scannán Gault ar deireadh i gcoimeád i gcartlann an Chicago Academy of Sciences agus é i measc nótaí agus dialanna a bhaineann lena thuras go hÉirinn.
Léiríonn na nótaí go bhfuil radharcanna suaithinseacha le fesicint ar na scannáin - rincí i mBaile an Fheirtéaraigh, Ráiseanna an Daingin, obair feirme, laethanta aonaigh agus ceiliúradh Lá ‘le Pádraig.
Tá radharcanna leis ann do mhuintir Dhálaigh in Inis Mhic Aoibhleáin.
Muintir Dhálaigh in Inis Mhic Aoibhleáin (Pic: Le caoinchead Ionad an Bhlascaoid)
Deir Institiúid Scannán na hÉireann gur taifeadtaí fíorluachmhara iad a thugann léargas iontach ar shaol na tuaithe sna 1920í.
Ta na taifeadtaí ar rollaí níotráite atá leochaileach agus tá iarrachtaí ar bun maoiniú a aimsiú chun caomhnú agus digitiú a dhéanamh ar an gcnuasach d'fhonn é a chur ar fáil do phobal na hÉireann.
Nótaí a bhreac Benjamin Gault agus é ag bailiú éanlaithe i gCorca Dhuibhne (Pic: Le caoinchead Chicago Academy of Sciences)
Cosnóidh sé €8,500 an obair seo a dhéanamh agus tá an Institiúid ag súil go n-aimseoidh siad eagraíocht nó duine aonair a bheadh sásta urraíocht a thabhairt don dtionscnamh.