I gcúirt i nDoire, scaoileadh amach ar bannaí an fear atá cúisithe i ndúnmharú an iriseora Lyra McKee a lámhachadh sa chathair i mí Aibreáin anuraidh.
Dúirt dlíodóir an fhir Paul McIntyre, 52 bliain d'aois as Páirc Chionn an Ghabha i nDoire, nach bhfuil seans dá laghad go dteithfeadh a chliant as an Tuaisceart.
Sa chúirt coicís ó shin, cuireadh Paul McIntyre siar faoi choinneáil agus rialaíodh go n-éistfí lena iarratas ar bhannaí inniu.
Chomh maith leis an dúnmharú, tá sé cúisithe in arm tine a bheith ina sheilbh aige agus rún aige beatha a chur i mbaol. Tá sé curtha ina leith freisin gur ball d'eagraíocht mhídhleathach é.
Ar maidin bhí sé ar nasc físe as príosún Mhaigh gCabraí fad is a bhí a dhlíodóir Derwin Harvey ag cur an iarratais os comhair na cúirte.
Dúirt an dlíodóir ní hamháin nach raibh aon seans go n-imeodh Paul McIntyre as an dlínse gan fhios ach nch raibh an cás ina aghaidh sách láidir le go gcoinneofaí sa phríosún é.
Dúirt an breitheamh go raibh an tsochaí ag éileamh cirt do Lyra McKee ach nach bhfuil maith ar bith sa cheartas má tá sé aontaobhach, claonta nó mura bhfuil cuma an ionracais air.
Tá an tseirbhís ionchúiseamh sa Tuaisceart Éireann le hachomharc a dhéanamh ar an chinneadh bannaí a cheadú do Paul McIntyre agus is cosúil go gcoinneofar Paul McIntyre i bpríosún go dtí an Luan dá bharr sin.
Tiocfaidh sé os comhair cúirte arís i gceann ceithre seachtaine.