Tá leibhéal uisce na Sionainne ag cruthú fadhbanna móra do dhaoine atá ina gcónaí i mBaile Átha Luain agus sa cheantar máguaird.

Tá tuilleadh báistí geallta as seo go ceann roinnt laethanta agus tá imní ar dhaoine nach mbeidh aon rogha acu ach a gcuid tithe a thréigean.

Tá neart bóithre tuaithe faoi thuile agus taisteal fada ar dhaoine dá réir.

Tá Óglaigh na hÉireann ar a ndícheall ag iarraidh tithe a chosaint ar an uisce i bPort Lice in aice Ghlasáin. 

Tá malaí gainimh á ndáileadh ag saighdiúirí agus tá siad ag cuidiú le daoine iad a chur le balla agus doras.

Baile Átha Luain faoi thuile

Deir roinnt daoine in eastát Pháirc na bhFianna go bhfuil sé aon bhliain déag ó cuireadh plean cosanta tuilte i bhfeidhm sa cheantar.

Cé go bhfuil Comhairle Chontae na hIarmhí ag obair go crua ar son na ndaoine, a deir siad, caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb ón mbarr anuas.

Dúirt an Chomhairle Contae le Nuacht RTÉ/TG4 gur ardaigh an t-uisce cúig cheintiméadar i rith na hoíche aréir agus nach mbeidh aon laghdú air sin sula dtiocfaidh tuilleadh báistí Dé hAoine.

I gCora Droma Rúisc, Co Liatroma, tá foireann na Comhairle Contae ag taoscadh uisce as an tSionainn mar a bhfuil an leibhéal ardaithe 30 milliméadar ó inné.

In áiteanna i gCo an Chláir, tá lucht cosanta sibhialta ag tabhairt daoine chuig na siopaí agus chuig a gcuid oibre ina bhfeithiclí móra.

Ainneoin na hoibre seo, níl daoine in iarthar agus i lár na tíre sásta leis na hiarrachtaí atá ar bun ag na húdaráis an ghéarchéim a mhaolú. 

Tá siad ag achainí ar Oifig na nOibreacha Poiblí scéimeanna cosanta atá leagtha amach cheana féin a chur i bhfeidhm.