skip to main content

Imní ar lucht Gaelscolaíochta faoi churaclam nua bunscoile

Tá an t-am a chaitheann páistí bunscoile i mbun corpoideachais agus oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte le dúbailt agus an t-am a chaitear le hoideachas reilgiún agus teangacha le laghdú faoi mholtaí úra a foilsíodh inniu.

Tá imní ar lucht Gaelscolaíochta nach mbeidh an oiread béime ar mhúineadh teangacha, an Ghaeilge san áireamh, faoi na moltaí maidir le curaclam nua bunscoile.

Faoi na moltaí úra, chuirfí níos mó béime ar chorpoideachas, sláinte agus folláine an linbh agus d'ísleofaí an líon ábhar a mhúintear ó aon cheann déag go dtí cúig réimse leathan foghlamtha.

D'fhéadfaí an líon uaireanta a chaitear ar oideachas reiligiún agus múineadh teangacha a laghdú, cé go mbeidh saoirse áirithe ag scoileanna agus múinteoirí iad féin.

Cuireann Póla Ní Chinnsealaigh, príomhoide Ghaelscoil Ruairí i Maigh Nuad, fáilte roimh roinnt de na dréachtmholtaí ach deir sí go bhfuil sí buartha faoin chaint maidir le huaireanta do theangacha a laghdú:

"I nGaelscoileanna tá muid ag tabhairt faoi dhá theanga ar a laghad agus i roinnt scoileanna trí theanga ag an bpointe seo. Go pearsanta níor mhaith liomsa aon laghdú a fheiceáil ón taobh sin de."

Deir Póla go mbeadh sí i bhfabhar an t-am le haghaidh reiligiún a laghdú beaganín toisc go bhfuil an-chuid ama curtha i leataobh lena aghaidh sin gach seachtain:

"Cé gur scoil ilchreidmheach muid agus go bhfuil muid ag tabhairt faoi gach reiligiún, níl an méid ama atá tugtha don reiligiún ag teastáil uainne gach seachtain."

Deir sí go bhfuil sí go mór i bhfabhar an t-am a chuirtear ar fáil do chúrsaí folláine agus corpoideachais a mhéadú.

"Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil páistí gníomhach i rith an lae agus go bhfuil siad ag fáil deiseanna bogadh thart. Níl leath a dhóthán ama curtha ar fáil faoi láthair lena aghaidh sin.

Agus caithfidh tú smaoineamh chomh maith go bhféadfadh muid tabhairt faoi an-chuid rudaí sa bhreis ar nós teangacha agus scileanna sóisialta a mhúineadh agus páistí i mbun gníomhaíochtaí agus seasfaidh sé sin go mór dóibh amach anseo."

Ní féidir rudaí ar nós folláine agus eolaíocht a mhúineadh gan cúrsaí teanga a chur san áireamh, a deir Micheál S Mac Donnacha ón eagraíocht Gaeloideachas:

"Ní amháin ó thaobh cúrsaí curaclaim de ach ó thaobh chuile shórt sa tsochaí faoi láthair, tá imní orm go bhfuil muid ag gearradh siar ar mhúineadh agus forbairt teanga."

Deir Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, go mbeidh ionchur le déanamh ag scoileanna ina leith seo chun a chinntiú nach dtabharfar neamhaird ar an Ghaeilge i gceantair nach bhfuil sí chomh láidir iontu faoi láthair. 

Is é an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a chur na dréachtmholtaí don churaclam úr a thiocfaidh i bhfeidhm i 2024 i dtoll a chéile.

Molann eagraíochtaí oideachais Ghaeilge do dhaoine a dtuairimí a thabhairt fúthu sa phróiseas comhairliúcháin as seo go mí Dheireadh Fómhair.