Tá taighdeoirí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le staidéar ar dhaoine i nDún na nGall, i nGaillimh agus i gCorcaigh a bhfuil scléaróis iolrach orthu.
Beidh an staidéar dírithe ar an gcaoi a gcuireann an galar as do chumas cognaíoch daoine.
I nDún na nGall atá an ráta is airde de dhaoine a bhfuil scléaróis iolrach orthu sa tír seo.
De réir na figiúirí is deireanaí, tá an aicíd ag dul do 73 duine as gach 100,000 ar an meán ach i nDún na nGall is 290 duine as gach 100,000 atá i gceist.
Deirtear gur cúrsaí géinitice agus easpa vitimín D is cúis leis an ráta ard i nDún na nGall.
Tá an Ollscoil ag lorg 20 duine as Dún na nGall, 20 as Gaillimh agus deichniúr as Corcaigh a bhfuil scléaróis iolrach orthu le páirt a ghlacadh sa staidéar.
Tá sé d'aidhm ag an staidéar cuidiú le daoine leanacht orthu ag obair chomh fada agus is féidir agus a bheith neamhspleách.
Cuirfear tús leis an staidéar an mhí seo chugainn.