Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go dtagann sé leis an dearcadh atá ag na póilíní sa Tuaisceart go bhfuil "comhairle airm na Sealadach" ag maoirsiú Shinn Féin agus an IRA.

I bhfianaise ráiteas an Choimisinéara Harris, cháin Leo Varadkar agus Micheál Martin arís ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald.

Dúirt Mary Lou McDonald tráthnóna nach bhfaigheann Sinn Féin treoir ó aon dream seachtrach.

Ag searmanas cáilithe Gardaí nua sa Teampall Mór i gCo Thiobraid Árann, fiafraíodh den Choimisinéir Harris an mbeadh aon imní air faoi Shinn Féin a bheith páirteach sa chéad rialtas eile.

Dúirt sé gur seirbhíseach poiblí a bhí ann agus go n-oibreodh sé i gcomhar le pé rialtas a thoghfaí. 

Ar na meáin shóisialta, dúirt ceannaire Fhine Gael, an Taoiseach Leo Varadkar, gur chóir do Mary Lou McDonald an chomhairle airm agus an tIRA Sealadach a scor nó, mura bhféadfadh sí é sin a dhéanamh, deireadh a chur os comhair an tsaoil leis an gcaidreamh atá ag Sinn Féin leis na grúpaí sin.

Ag trácht dó ar an méid a bhí le rá ag Drew Harris, dúirt Micheál Martin ar na meáin shóisialta go dtagann an fhirínne shearbh chun cinn i gcónaí agus nach bhfuil aon deireadh leis na scéalta seo, ainneoin iarrachtaí Shinn Féin an dubh a chur ina gheal ar dhaoine.  

Dúirt Mary Lou McDonald tráthnóna nach bhfuil an tIRA ann níos mó chomh fada agus is eol di.

Mary Lou McDonald agus ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O'Neill

Dúirt sí go bhfuil an cogadh thart, go bhfuil an tIRA imithe agus nach mbeidh an eagraíocht ag teacht ar ais.  

Dúirt sí nach bhfaigheann Sinn Féin treoir ó aon duine seachas baill agus ceannaireacht an pháirtí agus go bhfuil poblachtánaigh tiomanta don daonlathas agus don tsíocháin.

Mhaígh Mary Lou McDonald freisin gur léir go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael ag iarraidh an chumhacht pholaitiúil sa tír seo a roinnt eatarthu féin le bac a chur ar an athrú ar vótáil daoine ar a shon. 

Dúirt sí go mbeadh tuilleadh comhráite ag Sinn Féin le páirtithe eile an tseachtain seo chugainn féachaint le cineál nua rialtais a bhunú.