Tá sé deimhnithe ag an ngrúpa ospidéal Saolta go bhfuil an chistin in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh dúnta ó fuarthas luch mharbh ansin Dé Domhnaigh seo caite. 

I ráiteas a tugadh do Nuacht RTÉ/TG4, dúirt Saolta gur tugadh faoi deara Déardaoin 13 Feabhra go raibh ainmhí tar éis a bheith ag útamáil le baoite a fágadh amach in aice na cistine.

Dúradh gur glanadh an áit ó bhun go barr sna laethanta ina dhiaidh sin agus go bhfuarthas an luch ar an Domhnach 16 Feabhra. Dúradh go ndearnadh dianchigireacht ar an áit ina dhiaidh sin agus nach bhfuarthas aon luch eile.

Ina fhianaise sin, a dúradh sa ráiteas, aistríodh seirbhísí lónadóireachta an ospidéil go dtí an chistin in Ospidéal Pháirc Mhuirlinne ar an taobh eile den chathair.

Is socrú sealadach é seo, a dúradh, agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh béilí á réiteach arís ag lucht na cistine in Ospidéal na hOllscoile go luath.