skip to main content

Seán Kyne ceaptha ag an Taoiseach do Sheanad Éireann

Seán Kyne
Seán Kyne

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ceaptha ag an Taoiseach Leo Varadkar do Sheanad Éireann.

Ceapadh Seán Kyne in áit Frank Feighan a bhain suíochán Dála amach i Sligeach-Liatroim san olltoghchán. 

Chaill Seán Kyne a shuíochán Dála i nGaillimh Thiar, suíochán a bhí aige ón mbliain 2011. 

Ionadaí áitiúil den chéad scoth é Seán Kyne, a dúirt an Taoiseach, a rinne a dhícheall i gcónaí dá dháilcheantar.