Beidh cruinniú i gCo Dhún na nGall anocht ag grúpa daoine a bhfuil damáiste déanta ag brící lochtacha dá dtithe chun eolas a thabhairt faoin scéim chúitimh atá aontaithe ag an Rialtas.
Tá cúpla míle teach cónaithe i nDún na nGall a tógadh le brící ina bhfuil an t-ábhar míoca. Tugann na brící seo uathu agus scoilteann ballaí.
Faoin scéim chúitimh a d'aontaigh an Rialtas roimh an olltoghchán, beidh ar úinéirí na dtithe lochtacha 10% den chostas athchóirithe a chur ar fáil iad féin.
Ag an gcruinniú i Leitir Ceanainn anocht, cuirfear eolas ar fáil faoin tacaíocht a bheas ar fáil ó na bainc agus na cumainn fhoirgníochta leis an scéim a éascú.
Dúirt an grúpa go bhfuil cainteanna ar bun acu leis na bainc le seacht mí anuas féachaint le tacaíocht a fháil d'úinéirí na dtithe lochtacha ar doiligh dóibh teacht ar an 10% seo.
Is é Comhairle Contae Dhún na nGall a riarfas an scéim.