Tá sé deimhnithe ag Brendan Howlin go bhfuil sé chun éirí as mar cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre as seo go ceann roinnt seachtainí.

Tá sé ina cheannaire ar an bpáirtí ón mBealtaine 2016, tráth a tháinig sé i gcomharbacht ar Joan Burton. 

Tá sé ina Theachta Dála do dháilcheantar Loch Garman ó 1987, agus toghadh arís é san olltoghchán is deireanaí cúpla lá ó shin. Bhí sé ar dhuine de sheisear ó Pháirtí an Lucht Oibre a toghadh. 

4.4% den vóta náisiúnta a fuair an páirtí, laghdú 2% ón olltoghchán in 2016.

Dúirt Brendan Howlin nach mbeadh an Lucht Oibre páirteach sa chéad rialtas eile ach ina dhiaidh sin féin go nglacfaidís páirt dhearfach ann ó na binsí freasúra.