Léirigh suas le míle duine ag Ospidéal na hOllscoile i Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall inniu mar nach bhfuil aonad géarchúraim stróc ar fáil san ospidéal sin.
Chomh maith leis an phobal, tháinig cuid d'fhoireann an ospidéil amach ar an agóid le linn am lóin.
Ba é an comhairleoir geiriatraice an tOllamh Ken Mulpeter atá ag obair san ospidéal a d'eagraigh an agóid:
"Go heiticiúil, a dúirt an comhairleoir Mulpeter, níl mé ar mo shuaimhneas ag leanstan ar aghaidh ag obair agus fanacht le haonad stróc. Tá maoiniú de dhíth do sheachtar ball foirne agus ní maoiniú caipitil ar bith atá i gceist."
Bhí daoine i láthair as áiteanna éagsúla sa chontae a raibh a scéal féin faoi stróc acu.

Deir an tOllamh Mulpeter gur gealladh t-aonad le tógáil sular tharla tuile ag an ospidéal i Leitir Ceanainn in 2013 ach nach bhfuil aon radharc air ó shin..
I ráiteas ó ghrúpa ospidéal Saolta inniu, dúradh go bhfuiltear fós ag iarraidh teacht ar na hacmhainní riachtanacha leis an aonad a chur ar fáil.