Beidh an focal scoir ón bhfeachtas toghchánaíochta le cloisteáil Deardaoin, 6 Feabhra ar 19:00, tráth a bheas clár speisialta ar siúl ar TG4. Glacfaidh seisear urlabhraithe de chuid na bpáirtithe polaitiúla páirt sa díospóireacht, a bheas á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird.
Tugadh cuireadh go sheacht bpáirtí a bheith páirteach. Tá sé deimhnithe go mbeidh na hurlabhraithe seo a leanas ann:
Fine Gael - Seán Kyne
Fianna Fáil - Dara Calleary
Sinn Féin - Pearse Doherty
Comhaontas Glas - Róisín Garvey
Na Daonlathaigh Shóisialta - Niall Ó Tuathail
Pobal roimh Bhrabús - Eoghan Ó Ceannabháin