skip to main content

Tá seisear urlabhraithe tar éis a dheimhniú le TG4 go nglacfaidh siad páirt i ndíospóireacht na bpáirtithe roimh an olltoghchán.

'Sé Páidí Ó Lionáird a chuirfidh Díospóireacht na bPáirtithe i láthair ar TG4 Déardaoin seo chugainn
'Sé Páidí Ó Lionáird a chuirfidh Díospóireacht na bPáirtithe i láthair ar TG4 Déardaoin seo chugainn

Beidh an focal scoir ón bhfeachtas toghchánaíochta le cloisteáil Deardaoin, 6 Feabhra  ar 19:00, tráth a bheas clár speisialta ar siúl ar TG4. Glacfaidh seisear urlabhraithe de chuid na bpáirtithe polaitiúla páirt sa díospóireacht, a bheas á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird.

Tugadh cuireadh go sheacht bpáirtí a bheith páirteach. Tá sé deimhnithe go mbeidh na hurlabhraithe seo a leanas ann:

Fine Gael - Seán Kyne

Fianna Fáil - Dara Calleary 

Sinn Féin - Pearse Doherty

Comhaontas Glas - Róisín Garvey

Na Daonlathaigh Shóisialta - Niall Ó Tuathail

Pobal roimh Bhrabús - Eoghan Ó Ceannabháin