Tá iar-leascheannaire an SDLP Séamus Mallon tar éis bháis. Chaith sé os cionn fiche bliain ina leascheannaire ar an bpáirtí sin agus chaith sé seal freisin ina Leas-Chéad Aire sa Tuaisceart. Bhí sé 83 bliain d'aois agus bhí sé tinn le tamall.

Múinteoir scoile ab ea Séamus Mallon agus sna seascaidí - cosúil le go leor den ghlúin sin - ghlac sé páirt i ngluaiseacht na gcearta sibhialta sa Tuaisceart. 

Toghadh é don SDLP i dtosach sa bhliain 1973. Bhí baint mhór aige le dréachtú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Cé gur thacaigh sé le comhráite idir John Hume agus Gerry Adams agus an méid a tháinig ina dhiaidh, ghoill sé air go bhfuair Sinn Féin an lámh an uachtar ar an SDLP sa deireadh.

I gCnoc an Mhargaidh i ndeisceart Ard Mhacha a chaith Séamus Mallon a shaol ar fad. Fuair a bhean Gertrude bás trí bliana ó shin. Maireann a n-iníon Órla.

Tá ómós tugtha ag polaiteoirí éagsúla - thuaidh agus theas - do Shéamus Mallon.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go gcuimhneofar go brách air mar dhuine de phríomhdhréachtóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta, mar fhear síochána agus mar fhear a chreid in Éirinn a chuirfeadh gach aon duine san áireamh.