Tá imeachtaí poiblí le Bliain Nua na Síneach a cheiliúradh i mBéising curtha ar ceal in iarracht srianta a chur ar ráig de víreas marfach atá ag scáipeadh ar fud na cruinne.
Tá ordaithe dianghlasála curtha i bhfeidhm i gcathracha Wuhan agus Huanggang sa tSín chomh maith.
Cuireadh cosc ar eitiltí agus ar thraenacha imeacht ó chathair Wuhan agus Huanggang i réigiún Hubei.
Cailleadh 17 duine sa tSín leis an víreas go dtí seo.
D'fhoilsigh eolaithe ó Choláiste Impiriúil Londain taighde ina meastar go bhfuil 4,000 duine i gcathair Wuhan sa tSín ionfhabhtaithe leis an víreas.
Is cosúil go bhfuil an víreas ag scáipeadh ó dhaoine a bheith ag sraothartach nó ag casachtaí, a dúirt Nathalie MacDermott ó Choláiste Impiriúil Londain
Dúradh leis an 11 milliún duine a bhfuil cónaí orthu i gcathair Wuhan gan imeacht ón cheantar mura bhfuil géarghá leis.
Druideadh príomhmhargadh na cathrach, pictiúrlanna agus caiféanna idirlín in Huanggang, cathair a bhfuil 7.5 milliún duine i gcónaí inti.
Tuigtear gur scáip an víreas ó mhargadh ina raibh bia mara agus ainmhithe a ndíol. Déantar an víreas a aistriú sa chonair riospráide.
Tá cásanna den víreas aimsithe sa Téalainn, sa Nua-Shéalainn, sna Stáit Aontaithe, sa Téaváin, sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas fosta.
Tá Rialtas na Síne i ndiaidh an ráig den víreas a chur sa chatagóir chéanna leis an eipidéim den ghalar SARS a bhris amach in 2002.