skip to main content

Imeachtaí poiblí le Bliain Nua na Síneach i mBéising curtha ar ceal

Cailleadh 17 duine sa tSín leis an víreas go dtí seo.
Cailleadh 17 duine sa tSín leis an víreas go dtí seo.

Tá imeachtaí poiblí le Bliain Nua na Síneach a cheiliúradh i mBéising curtha ar ceal in iarracht srianta a chur ar ráig de víreas marfach atá ag scáipeadh ar fud na cruinne.

Tá ordaithe dianghlasála curtha i bhfeidhm i gcathracha Wuhan agus Huanggang sa tSín chomh maith.

Cuireadh cosc ar eitiltí agus ar thraenacha imeacht ó chathair Wuhan agus Huanggang i réigiún Hubei.

Cailleadh 17 duine sa tSín leis an víreas go dtí seo.

D'fhoilsigh eolaithe ó Choláiste Impiriúil Londain taighde ina meastar go bhfuil 4,000 duine i gcathair Wuhan sa tSín ionfhabhtaithe leis an víreas.

Is cosúil go bhfuil an víreas ag scáipeadh ó dhaoine a bheith ag sraothartach nó ag casachtaí, a dúirt Nathalie MacDermott ó Choláiste Impiriúil Londain

Dúradh leis an 11 milliún duine a bhfuil cónaí orthu i gcathair Wuhan gan imeacht ón cheantar mura bhfuil géarghá leis.

Druideadh príomhmhargadh na cathrach, pictiúrlanna agus caiféanna idirlín in Huanggang, cathair a bhfuil 7.5 milliún duine i gcónaí inti.

Tuigtear gur scáip an víreas ó mhargadh ina raibh bia mara agus ainmhithe a ndíol. Déantar an víreas a aistriú sa chonair riospráide.

Tá cásanna den víreas aimsithe sa Téalainn, sa Nua-Shéalainn, sna Stáit Aontaithe, sa Téaváin, sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas fosta.

Tá Rialtas na Síne i ndiaidh an ráig den víreas a chur sa chatagóir chéanna leis an eipidéim den ghalar SARS a bhris amach in 2002.