Socróidh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ag cruinniú éigeandála inniu an bhfógróidh siad an víreas a tháinig chun solais sa tSín agus atá ag scáipeadh go tíortha eile ina ghéarchéim idirnáisiúnta.

Sa tSín, tá sé deimhnithe ag na húdaráis go bhfuil naonúr tar éis bháis mar gheall air agus go bhfuil timpeall 440 duine eile ionfhabhtaithe leis an víreas.

Tá cásanna den víreas aimsithe sa Téalainn, sa Nua-Shéalainn, sna Stáit Aontaithe, sa Téaváin, sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas fosta.

Déantar an víreas a aistriú sa chonair riospráide.

Tá Rialtas na Síne i ndiaidh an ráig den víreas a chur sa chatagóir chéanna leis an eipidéim den ghalar SARS a bhris amach in 2002.