Tá an file, údar, aisteoir agus an drámadóir clúiteach Joe Steve Ó Neachtain tar éis bháis. Bhí sé 77 bliain d'aois.

I measc a shaothair tá an dráma raidió ''Baile an Droichid'', a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sna hochtóidí, agus an dráma cáiliúil 'Níor mhaith linn do Thrioblóid'.

Chaith sé blianta ag aisteoireacht sa sobaldhráma Ros na Rún chomh maith. B'eisean Peadar Ó Conghaile. 

Cainteoir fileata, urlabhraí deisbhéalach, gníomhaí pobail, gearrscéalaí, gaeilgeoir mórtasach, a bhí dílis dá mhuintir agus dá dhúchas ab ea Joe Steve.

D'fhág sé an scoil in aois a 14 bliain d'aois. Bhí sé ag obair le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le hÚdarás na Gaeltachta agus bhí sé lárnach i bhfeachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta. 

D'fhéadfaí a rá gur trína chuid scríbhneoireachta ina theanga dhúchais is mó a chuimhneofar ar an bhfathach litríochta ón gCré Dhubh i gConamara.

Mheall a shaothar cruthaitheach duaiseanna Oireachtais agus litríochta eile chomh maith le gradam Jacobs.

Ach is beag sin ar fad i gcomparáid le haoibhneas a chomhluadair, an sult a bhaintear as a chnuasaigh litríochta, agus na ceachtanna saoil atá fáiscthe go smior ina chuid sleachta.

Fear teaghlaigh go smior ab ea Joe Steve Ó Neachtain. Maireann a bhean chéile Máirín, a bheirt iníonacha, Luisne agus Aisling, a mhac Páid, a gcéilí siúd, Brian, Máirtín agus Brónagh agus clann a chlainne.