Gheall Fine Gael go gcruthófar 200,000 post nua faoin mbliain 2025 agus go ndéanfar tuilleadh infheistíochta in infreastruchtúr má thoghtar arís iad.

Bhí an méid sin le rá ag ceannaire an pháirtí Leo Varadkar agus Fine Gael ag seoladh a gcuid pleananna don gheilleagar inniu.

I bplean eacnamaíochta Fhianna Fáil a seoladh inniu, deirtear go mbeidh an pobal in ann brath ar an bpáirtí geilleagar na tíre a stiúradh go cúramach. 

Deirtear sa phlean go ndéanfar breis infheistíochta i seirbhísí poiblí - cúrsaí sláinte, títhíochta agus oideachais san áireamh.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chomh maith gur cor barbartha a bhí i ndúnmharú Keane Mulready Woods agus dá mbeidís féin i gcumhacht go gceadóidís breis acmhainní do na Gardaí le dul i ngleic le buíonta coirpeach.

Dúirt iarrthóir Fhianna Fáil sa Mhí Thoir Thomas Byrne go dtabharfadh Fianna Fáil faoiseamh cánach do dhaoine atá sna meán-aicmí ioncaim. Cháin sé freisin cur chuige an Rialtais dul i ngleic leis an earnáil árachais atá imithe ó smacht, dar leis.

Thomas Byrne

Tharraing ionadaí tofa Shinn Féin conspóid ar an bpáirtí tar éis dó ráitis a dhéanamh faoi ghinealach Leo Varadkar. 

B'éigean don Chomhairleoir Paddy Holohan ó iarthar Bhaile Átha Cliath leithscéal a ghabháil faoina rá gur chóir go mbeadh fear clainne ina Thaoiseach agus ní duine de bhunadh na hIndia. Mhaígh Paddy Holohan go raibh a chuid ráiteas curtha as a riocht agus nach raibh rún aige aon duine a ghortú.

Mary Lou McDonald

Bhí cruinniú i mBaile Átha Cliath inniu ag ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, le hairí an pháirtí i bhfeidhmeannas Stormont.

Aodhán Ó Ríordáin (ar clé)

Dúirt an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin atá ina iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre go mbunófaí tascfhórsa le dul i ngleic le coiriúlacht i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath i bhfianaise dhúnmharú Keane Mulready-Woods ar fritheadh cuid dá chorp sa Chúlóg.