skip to main content

Athbhreithniú le déanamh ar chás mhuintir Khan

Léirsiú ar son mhuintir Khan i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh arú inné
Léirsiú ar son mhuintir Khan i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh arú inné

Tá idirghabháil déanta ag an Aire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan i gcás cúigir as an teaghlach céanna a bhí le díbirt as an tír.

Tá an cúigear de mhuintir Khan a bhfuil súil acu cáiliú mar dhochtúirí agus mar eolaithe ríomhaireachta ag fanacht in ionad soláthar díreach i gCorcaigh.

Tugadh le fios dóibh Dé hAoine seo caite go mbeadh orthu an tír a fhágáil faoi gur diúltaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh anseo, ach tá athbhreithniú le déanamh ar a gcás anois.
 
Is as an bPacastáin ó dhúchas iad ach theith siad go dtí an Araib Shádach agus tháinig siad go hÉirinn ó Shasana dhá bhliain ó shin.

Bhí léirsiú ar son mhuintir Khan i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh arú inné.