D'iarr an tAthair Peter McVerry a bhíonn ag feachtasaíocht do dhaoine gan dídean go ndeanfaí maoirseacht ar bhrúnna.
Mhaígh sé go bhfuil daoine ag fanacht i bpubaill in áit fanacht i mbrúnna mar gheall go mbíonn faitíos orthu go n-ionsófar iad.
Dúirt an tAthair McVerry go raibh roinnt de na brúnna an-mhaith ar fad ach mhol sé go mbeadh cead ag an Údarás um Fháisnéis agus Cáilíocht Sláinte scrúdú a dhéanamh orthu.
Rinne sé a chuid cainte i bhfianaise na ngortuithe a bhain d'fhear gan dídean nuair a bhuail inneall le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath é agus iad ag tabhairt an phubaill a bhí aige ar bhruach na Canálach Móire chun bealaigh arú inné.
Tá an fear fós go han-dona tinn san ospidéal. Tuigtear go bhfuil sé os cionn 30 bliain d'aois agus gurb as an Eiritré in oirthuaisceart na hAfraice é.
Tá roinnt fiosrúchán á ndéanamh faoin gcaoi ar tharla an eachtra.