Deir Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go bhfuil acmhainní uile an fhórsa ar fáil don fhoireann atá ag fiosrú dhúnmharú an ógánaigh seacht mbliana déag Keane Mulready Woods as Droichead Átha, Co Lú.
Dúnmharaíodh an déagóir agus fuarthas píosaí dá chorp in dhá áit i mBaile Átha Cliath.
Tá teach i bPáirc Ráth Maoláin i nDroichead Átha fós caomhnaithe ag na Gardaí agus tá saineolaithe dlí-eolaíochta le tuilleadh scrúduithe a dhéanamh air inniu.
Dúírt an tArd-Cheannfort Christy Mangan atá i gceannas ar an bhfiosrúchán dúnmharaithe go bhfuil an dá bhuíon coirpeach atá in árach a chéile i nDroichead Átha ag iarraidh an oiread díobhála agus atá siad in ann a dhéanamh ar a naimhde.
Phléigh an tAire Dlí agus Cirt, Charlie Flanagan an cás ag cruinniú a bhí aige inniu leis an gCoimisinéir Harris.
Tá na Gardaí ag fiosrú freisin faoi phictiúir agus faoi fhíseáin ghránna a bhaineann leis an scéal a deirtear atá á bhfoilsiú ar na meáin shóisialta.
Tá na Gardaí ag achainí ar dhaoine gan a bheith ag roinnt an ábhair seo.