Deir Oifigeach Pleanála Teanga i gCo Dhún na nGall go bhfuil díomá agus imní air nach ndeachaigh an Bille Leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla tríd an Dáil sular scoradh í inné.

Deir Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Chionnfhaola, go mbeidh sé níos deacra an próiseas pleanála teanga a fhorbairt gan reachtaíocht a chinntíonn seirbhísí Gaeilge do dhaoine sa Ghaeltacht.

Naoi mbliana i ndiaidh gealltanas a thabhairt go leasófaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá an obair ar fad a rinneadh chuige sin curtha i leataobh anois agus an Dáil scortha. 

Deir Conradh na Gaeilge inniu go bhfuil siad le stocaireacht láidir a dhéanamh leis na páirtithe ar fad san olltoghchán seo maidir le ceist na teanga.

Dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, go mbeidh an eagraíocht  "ag iarraidh go láidreofar an reachtaíocht lena chinntiú go mbeidh sprioclíon 20% d'earcaithe sa tseirbhís phoiblí inniúil ar an Ghaeilge.''

Deir Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar choiste Gaeilge an Oireachtais, go bhfuil an "obair caite i dtraipisí ach go bhféadfadh an chéad Dáil eile an reachtaíocht a bhrú ar aghaidh dá mba mhian leo."