Bhí mic léinn i mbun léirsithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh inniu chun a dtacaíocht a léiriú do mhac léinn agus a theaghlach atá i mbaol a ndíbeartha as an tír.
Bronnadh scoláireacht ar Hamsa Khan chun tabhairt faoi chéim sa ríomheolaíocht san Ollscoil agus freastalaíonn a thriúr deartháireacha ar Choláiste Éamann Rís i gcathair Chorcaí.
Chuaigh an teaghlach ar a theitheadh as an bPacastáin go dtí an Araib Shádach i 1982 agus tháinig siad go hÉirinn i 2017.
Ach tá siad i mbaol a ndíbeartha anois de bharr rialacháin a bhaineann le horduithe cosanta i measc bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus a dtugtar Rialachán Bhaile Átha Cliath air.
Deirtear sa rialachán sin go bhfuil dualgas ar an gcéad ballstát a shroicheann teifeach aon iarratas ar thearmann a phróiseáil.
Sa chás seo, tháinig Hamsa go hÉirinn Shasana ar an mbealach go hÉireann.
Tá Coláiste Éamann Rís agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ag impí ar an Rialtas cead a thabhairt don teaghlach - atá ina gconaí in ionad soláthar dhíreach ar Bóthar Chionn tSáile faoi láthair - fanacht i gCorcaigh.