Tá géarchéim ann inniu i measc Theachtaí Dála sa gComhghuaillíocht Neamhspleách. Tá sé fógartha ag aire amháin, an tAire Stáit Kevin "Boxer" Moran, nach seasfaidh sé mar chuid den chomhghuaillíocht nuair a fhógróidh an Taoiseach dáta don olltoghchán.
Cúis díomá a bheas ann don Aire Iompair Shane Ross, a bhí ag súil leis an ngrúpa a choiméad le chéile i rith an fheachtais.
Bhí tuairimíocht ann, fiú, go bhféadfadh an grúpa socrú a bhaint amach le Fine Gael roimh an toghchán, faoina mbéidís ag rá go rachaidís isteach i gcomhrialtas le Fine Gael dá dtoghfaí iad.
Tuigtear freisin go bhfuil an tAire Stáit Finian McGrath i mbun machnaimh maidir lena thodhchaí sa ngrúpa sin.
Agus i bPort Láirge, níl sé deimhnithe go fóill ag John Halligan an mbeidh sé ag seasamh leo.