skip to main content

An tOllamh Breandán Ó Madagáin tar éis bháis

An tOllamh Breandán Ó Madagáin
An tOllamh Breandán Ó Madagáin

Tá an tOllamh Emeritus le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Breandán Ó Madagáin tar éis bháis. Bhí sé tinn le tamall. 

Bhí saineolas aige ar amhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann agus d'fhoilsigh sé go leor sa réimse léinn sin agus san eitnicheoleolaíocht trí chéile - an leabhar Gnéithe den Chaointeoireacht ina measc. 

Sa bhliain 2005, d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a leabhar Caointe agus Seancheolta Eile / Keening and other Old Irish Musics. Sa saothar sin, cíortar an ceol a bhain leis na hamhráin agus tá samplaí de le cloisteáil ar an dlúthdhiosca atá istigh leis an leabhar.

B'as Luimneach ó dhúchas é Breandán Ó Madagáin agus tá an leabhar An Ghaeilge i Luimneach 1700-1900 i measc a chuid foilseachán eile. 

Bhí Breandán Ó Madagáin ina OIlamh le Gaeilge i nGaillimh idir na blianta 1975 agus 1997 agus ina léachtóir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath idir 1966 agus 1975. 

Maireann a bhean chéile Claire, agus a chlann Donnchadh, Eoin, Éadaín, Murchadh, Gormlaith, Fionnuala, agus Cathal.