Tá clár forbartha fógartha ag Ollscoil na hÉireann,Gaillimh mar chuid de straitéis cúig bliana na hOllscoile.

Mar chuid den chlár forbartha, tógfar ionad nuálaíochta agus ealaíon ar an Oileán Altanach sa chathair, áit a bhfuil foirgnimh ina mbíodh cúrsaí innealtóireachta á dteagasc sna blianta siar.

Déanfar forbairt chomh maith ar Oileán an Iarla, áit a mbíonn an t-ollphuball le linn Fhéile Ealaíon na Gaillimhe. Bainfear leas as na huiscebhealaí a shníomhann le taobh an champais agus déanfar forbairt ar pháirc uisce le spóirt mar rámhaíocht a chur chun cinn.

D'fhógair an Ollscoil fosta go gcuirfear tuilleadh lóistín ar fáil do mhic léinn ar chostas a bheas ar a n-acmhainn a íoc. Tógfar leabharlann úrnua chomh maith.

Cealóidh an Ollscoil a lorg carbóin go hiomlán faoin bhliain 2030, a maíodh.

Dúirt Uachtarán na hOllscoile an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh go bhfuil comhoibriú ar bun ag an Ollscoil cheana féin leis an chomhlacht Boston Scientific agus le fiontair chomhshaoil ar na hOileáin Árann le tabhairt faoin sprioc seo a bhaint amach.

An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh

Tá sé i gceist go láidreoidh an straitéis tábhacht na hOllscoile i saol eacnamaíochta agus cultúrtha an Iarthair.

Mar chuid den ghné eacnamaíochta, láidreofar an comhoibriú le forais agus eagraíochtaí forbartha, ina measc Coimisiún Forbartha an Iarthair a bhfuil oifig acu anois ar champas na hOllscoile.

Is cuid den straitéis é an freastal a dhéanfar ar an Ghaeilge san ollscoil, ina n-áirítear soláthar d’oideachas tríú léibhéil i nGaeilge. Foilseofar an ghné sin den straitéis as seo go tús an Mhárta.

Dúirt Caitlín Nic an Ultaigh, Ceannasaí Fiontair agus Nualaíochta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go gcreideann sí go ndéanfar fógra faoi ról an Acadaimh agus gur "rud a bheas an-dearfach" a bheas ann.

Is é fócas na straitéise "an ollscolaíocht i nGaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn."

Mar chuid de sin, dúirt Caitlín Nic an Ultaigh go mbeidh "comhpháirtíocht leis an Stát maidir le maoiniú, agus clár cúrsaí a theastaíonn le gur féidir le pobal óg na tíre a ngairm a roghnú trí mheán na Gaeilge, más é sin atá uathu, agus tacaíocht a thabhairt don Stát sa bhfís atá acu go mbeadh fostaíocht agus gairmeacha go leor ar fáil trí Ghaeilge agus mic léinn cáilithe ann le tabhairt faoin bhfostaíocht sin."

Tá aidhmeanna na straitéise a seoladh inniu bunaithe ar cheithre bhunphrionsabal, a dúradh. Sin iad ómós, inbhuanaitheacht, oscailteacht agus barr feabhais.

Tá sé i gceist go gcuirfear formhór na spriocanna sa phlean straitéise i bhfeidhm taobh istigh de chúig bliana, ach is spriocanna níos fadtéarmaí iad na forbairtí tógála agus infreastruchtúir.

Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh go bhfuil an plean uaillmhianach ach go bhfuil a leithéid sin tuillte ag réigiún an iarthair.