skip to main content

Aer Árann ceannaithe ag an bpíolóta Jarleth Conneely

Aer Árann ceannaithe ag an bpíolóta Jarleth Conneely
Aer Árann ceannaithe ag an bpíolóta Jarleth Conneely

Tá an aerlíne Aer Árann, atá lonnaithe in Aerfort na Mine i gCo na Gaillimhe, ceannaithe ag an bpíolóta príobháideach Jarlath Conneely.

Tá aithne mhaith ar Jarlath Conneely i measc an phobail eitilte mar go bhfuil 35 bliain caite aige ina phíolóta. Tá sé ina bhall de Chlub Eitleoireachta na Gaillimhe agus is as Bóthar na Trá i nGaillimh ó dhúchas é.

Bhí sé ag obair do Eircom tráth, agus bhí sé ina bhainisteoir ar chomhlachtaí eile i nGaillimh go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2008.

Shínigh Jarlath Conneely agus úinéir Aer Árann an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh conarthaí ar maidin.

Jarlath Conneely

Tá conradh i bhfeidhm idir Aer Árann agus Roinn na Gaeltachta go deireadh na míosa seo le seirbhís aeir a chur ar fáil go hÁrainn.

Tuigtear go bhfuil an Roinn le tús a chur le próiseas tairisceana an tseachtain seo chugainn le comhlacht a aimsiú a choinneos an tseirbhís aeir sa siúl.

Cheannaigh Roinn na Gaeltachta aerstráice na Mine an mhí seo caite ar chostas €2.75 milliún.

Tá fáilte curtha ag Coiste Cosanta na Seirbhíse Aeir go hÁrainn roimh an scéala. Deir siad go bhfuil ceann de na spriocanna a bhí acu bainte amach anois - is é sin go mbeadh Aerfort na Mine i seilbh na Roinne.

Dúirt an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh le Nuacht RTÉ/TG4 tráthnóna go bhfuil sé sásta go bhfuil comhlacht Aer Arann chun leanacht ar aghaidh.