skip to main content

Na sluaite ar shráideanna Tehran do shochraid Soleimani

Sochraid Soleimani i Tehran
Sochraid Soleimani i Tehran

Tá slua mór daoine ar shráideanna phríomhchathair na hIaráine, Tehran do shochraid cheannaire mór míleata na tíre sin, an Ginearál Qasem Soleimani.

Maraíodh eisean in ionsaí aeir san Iaráic Dé hAoine seo caite.

Na Stáit Aontaithe a bhí freagrach as an ionsaí, tá díoltas bagraithe ag an Iaráin as bás Solemani agus tá sí tarraingte siar ón gcomhaontú núicleách a síníodh i 2015.

Cuirfear Soleimani ina bhaile dúchais,Kerman amárach.

Bhagair Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump, arís inniu go bhfuil sé toilteanach láithreacha cultúrtha san Iaráin a ionsaí más rud é go maraíonn an Iaráin aon saoránach Meiriceánach sna laethanta atá romhainn.

Bhagair sé freisin smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar an Iaráic, má iarrann Rialtas na tíre sin ar na saighdiúírí Meiriceánacha atá thall ansin, imeacht.