Tá polaiteoirí, ceannairí eaglasta agus iriseoirí i measc na ndaoine a bhfuil ómós tugtha acu do chraoltóir RTÉ Marian Finucane a bhásaigh inné. Bhí sí 69 bliain d'aois.

Dúirt iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Róibín gur cheannródaí sa chraoltóireacht ó thaobh cúrsaí ban de ab ea Marian Finucane.

Duine thar a bheith cuirtéiseach agus proifisiúnta a bhí inti, a dúirt Ardeaspag Bhaile Átha Cliath an Dr Diarmuid Martin.

Dúirt Séamus Dooley ó chumann iriseoirí an NUJ gur dhuine í Marian Finucance a bhí tugtha do leas an phobail. 

Ag labhairt dóibh le Nuacht RTÉ/TG4 inniu, thug triúr comhghleacaithe ban léi ómós di freisin.

D'oibrigh Doireann Ní Bhriain in éineacht le Marian Finucance ar chláir éagsúla ar RTÉ. Dúirt sí inniu gur "iriseoir den scoth ab ea í, bean í raibh tuiscint aici ar gach rud sa tír seo, agus spéis aici i ndaoine - daoine faoin tuath, sna cathracha, daoine gan pingin acu agus lucht rachmais, ba chuma, bhí spéis ag Marian iontu toisc an daonnacht a bhí inti.  

Bhí sí in ann éisteacht le daoine agus an fhírinne a lorg nuair ba ghá agus spás a thabhairt do dhaoine a scéalta féin a insint. Cailliúint ollmhór do shaol na hiriseoireachta í."

Dúirt an léiritheoir raidió in RTÉ Deirdre Ní Fhloinn go raibh Marian Finucance ceannródaíoch: 

"Thug sí cead dúinn mar ghlúin ní hamháin dul ag obair sa mheán seo, ach thug sí cead dár máithreacha rudaí beaga a bhaint amach ó thaobh an fheimineachais de, rudaí a rinne an-difir don ghlúin seo ban."

Dúirt an láithreoir raidió agus teilifíse Bláthnaid Ní Chofaigh go raibh stíl nadúrtha ag Marian Finucane: 

"Dá mbeadh gortú nó marú nó rud éicint uafásach th'éis tarlú do dhaoine, bhí sí in ann labhairt leo ar leibhéal áirthid. Shamhlófainn go raibh go leor daoine sásta dul ar an gclár mar gurb í Marian a bhí á láithriú, agus níl fhios a'm an féidir an bhearna sin a líonadh."

Tá leabhar comhbhróin don phobal oscailte sa Lár-Ionad Raidió in RTÉ i nDomhnach Broc.