Tá sé deimhnithe ag na húdaráis i Stáit Aontaithe Mheirceá gur mharaigh a gcuid fórsaí an Ginearál Qasem Soleimani as an Iaráin in ionsaí aeir a rinne siad ar aerfort Baghdad san Iaráic.
Ba é Qasem Soleimani an ceannasaí airm ba shinsearaí san Iaráin agus tuigtear gur maraíodh ceathrar eile ar a laghad san ionsaí.
Deir an Pentagon gur ordaigh an tUachtarán Donadh Trump an Ginearál Soleimani a mharú mar gurbh é, a maíodh, a d'ordaigh an t-ionsaí ar ambasáid Mheiriceá i mBaghdad an tseachtain seo caite.
Mhaígh Ard-Cheannasaí na hIaráine an tAyatollah Ali Khamanei go n-íocfadh Meiriceá go daor as an marú fealltach, mar a dúirt sé.

Léirsigh na mílte daoine i bpríomhchathair na hIaráine Tehran agus i gcathracha eile sa trír in aghaidh an ionsaithe i mBaghdad.