Tá sé fógartha ag RTÉ go bhfuil an craoltóir Marian Finucane tar éis bháis. Bhí sí 69 bliain d'aois.
I ráiteas, dúirt RTÉ gur bhásaigh sí go tobann sa bhaile tráthnóna.
Thosaigh Marian Finucane ag obair in RTÉ i 1974. Bhí sí ag obair ar feadh tamaill ar chláir a bhain le cúrsaí ban - an clár Women Today ina measc. Ba í an chéad láithreoir ar an gclár raidió Liveline í chomh maith.
Le tamall de bhlianta, bhí sí ag cur The Marian Finucane Show i láthair ar RTÉ Raidió 1 idir 11 a chlog agus am lóin gach Satharn agus Domhnach.

Marian Finucance i 1995
Dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes gur ghoill sé go trom ar a comhghleacaithe a chloisteáil go raibh Marian Finucane caillte.
Dúirt cathaoirleach na heagraíochta Moya Doherty gur cheannródaí sa chraoltóireacht í Marian Finucane ó thaobh cúrsaí ban de.
Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur chraoltóir í a raibh an-mheas agus an-chion ag muintir na hÉireann uirthi, agus an-iontaoibh acu aisti freisin.
Maireann a fear céile John Clarke agus a mac Jack. Cailleadh a hiníon óg Sinéad sa bhliain 1990.