B'údar mór lúcháire do Rialtas na hÉireann 30 bliain ó shin go ndeachaigh Aire Oideachais an Tuaiscirt, an Dr Brian Mawhinney, siar ar pholasaí na Breataine maidir le teagasc na Gaeilge i scoileanna ó thuaidh.
Ar an 21 Márta 1989, d'fhógair Brian Mawhinney go mbeadh an Ghaeilge mar bhun-bhar sa churaclam feasta agus go mbeadh an stádas céanna aici le teangacha iasachta eile.
Athrú ó bhonn ab ea é seo ar mholtaí Mawhinney i leith leasú ar an chóras oideachais a foilsíodh an bhliain roimhe sin agus a chuir an-olc ar ionadaithe an phobail náisiúnaigh.
De réir moltaí faoi leasuithe sa chóras oideachais ó thuaidh, ní raibh sé i gceist aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar bhunábhar, rud a chiallódh go mbeadh an teanga in iomaíocht le hábhair eile do chéadatán beag uaireanta curaclaim.
Go deimhin, maíodh go mbeadh múineadh na Gaeilge ina ualach breise mar go mbeadh ar dhaltaí a fhoghlaimíonn Gaeilge teanga nua-aimseartha eile a fhoghlaim fosta.
Bhí dianstocaireacht ar bun ag Rialtas na hÉireann, ag polaiteoirí náisiúnacha agus ag an Eaglais Chaitliceach chun go n-athrófaí an polasaí seo agus bhí toradh fónta ar a gcuid iarrachtaí nuair a d'fhógair Mawhinney go mbeadh an Ghaeilge agus an Iodáilis curtha leis an liosta de theangacha sa churaclam a d'fhéadfadh daltaí a roghnú.
Agus é ag fógairt an chinnidh seo, labhair Mawhinney go tarcaisneach faoi thuismitheoirí a roghnódh an Ghaeilge mar theanga foghlamtha chun eagrais náisiúnacha a shásamh seachas go mbeadh sé ar leas a gcuid páistí.

Brian Mawhinney, 1989
Dúirt sé gur tugadh drochíde agus maslaí pearsanta dó féin le bliain roimhe sin ach shéan sé as éadan go raibh sé naimhdeach don teanga ná go raibh sé ag iarraidh í a mharú.
Shéan sé fosta go raibh athrú intinne tagtha air faoina thábhachtaí is a bhí sé teangacha iasachta a fhoghlaim in áit na Gaeilge: "Parents who choose to have their children take Irish instead of one of them at a time when the importance of the European dimension is growing, should think carefully about the possible future consequences of such a decision." Dúirt sé, áfach, nach raibh sé le grúpa oibre Gaeilge a bhunú chun clár foghlamtha a chur le chéile ach go mbeadh an cúram seo i lámha grúpa oibre níos leithne a bhí ag plé le teangacha i gcoitinne.
Díol spéise go léiríonn cáipéis rúnda de chuid na Rúnaíochta Angla-Éireannach seachtain roimh fhógra Mawhinney, gur chuir státseirbhísigh na hÉireann ina luí air a thábhachtaí is a bhí an scéal seo don phobal náisiúnach. Bhí comhrá oscailte ar an ábhar ag Mawhinney leis na státseirbhísigh le linn béile ar 14 Márta.
Chuir taobh na hÉireann den Rúnaíocht ina luí air go raibh imní ar náisiúnaithe faoin ílsiú céime a bhí beartaithe don Ghaeilge agus go mbeadh sé tábhachtach teachtaireacht a thabhairt dóibh go raibh meas agus urram ag dul don ghné seo d'oidhreacht na hÉireann.
Dúirt Mawhinney go raibh meas aige ar an teanga ach go raibh an feachtas in éadan a chuid moltaí "Freudian and not well thought out." Mheas sé nár éirigh le haon duine ón phobal náisiúnach a chur ina luí air go héifeachtach go raibh aon ní contráilte lena chuid moltaí.
Ach sheas feidhmeanaigh na hÉireann an fód agus thug siad le fios go raibh sé ríthábhachtach a chinntiú nach bhfaigheadh antoiscigh pholaitiúla monaplacht ar an Ghaeilge.
Dúirt siad fosta gur "dúshlán spéisiúil" a bheadh ann an teanga a láimhseáil ar dhóigh a shásódh daoine ón dá thraidisiún a raibh suim acu inti. Mar fhreagra air sin, dúirt Mawhinney nach raibh cinneadh déantaag Rialtas na Breataine go fóill ar cheart dóibh ról gníomhach a ghlacadh i gcúrsaí teanga "or should stay one remove from it in view of its potentially divisive nature."
Cé nar thug Mawhinney aon leide ina chuid cainte ag an bhéile seo go raibh rún aige a pholasaí i leith na Gaeilge a athrú, ba léir fosta go raibh cuid den ghoimh ídithe.
Pléadh athrú polasaí Mawhinney ag an Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla-Éireannach i mBéal Feirste ar 5 Aibreáin 1989 agus d'eisigh an dá rialtas comhráiteas i ndiaidh an chruinnithe ag cur fáilte roimh an athrú intinne.
Cailleadh Brian Mawhinney an mhí seo caite.