skip to main content

Moladh don Rialtas i 1989 gan an Blascaod Mór a cheannach

An Blascaod Mór
An Blascaod Mór

Moladh go láidir don Rialtas 30 bliain ó shin gan an Blascaod Mór a cheannach don Stát ná reachtaíocht a thabharfadh cosaint don oileán a chur i bhfeidhm. Sin é an t-adhmad atá le baint as comhaid ar an ábhar atá scaoilte anois faoin Riail 30 Bliain.

Ina ainneoin sin, chuaigh Taoiseach an ama, Cathal Ó hEochaidh, chun cinn leis an reachtaíocht, ach rialaigh an Chúirt Uachtarach deich mbliana ina dhiaidh sin go raibh an tAcht míbhunreachtúil.

Bhí úinéireacht an oileáin go mór faoi chaibidil i 1989, tráth a ritheadh bille chun páirc náisiúnta stairiúil a dhéanamh den Bhlascaod Mór.

Trí bliana roimhe sin, bunaíodh Fondúireacht an Bhlascaoid chun an t-oileán a chaomhnú mar ionad cultúrtha agus oidhreachta. Bhí coiste bunaithe i gCorca Dhuibhne agus bhíothas i mbun feachtais chun airgead a bhailiú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích.

Léiríonn meamram Rialtais, áfach, gur mhol Oifig na nOibreacha Poiblí go láidir don Taoiseach nár cheart don Rialtas idirghabháil a dhéanamh chun gabháltais a cheannach ná chun reachtaíocht a thionscnamh.

Cathal Ó hEochaidh

Ina áit sin, a dúradh, ba cheart don Rialtas tacaíocht a thabhairt do spriocanna na Fondúireachta agus go mbainfeadh Coimisinéirí de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí úsáid as a gcuid cumhachtaí chun cosaint a thabhairt d'fhoirgintí áirithe a raibh tábhacht stairiúil ag baint leo.

Sa chás go dteipfeadh ar an Fhondúireacht an t-oileán a cheannach, mheas Oifig na nOibreacha Poiblí go bhféadfadh go dtarlódh sé go mbeadh na húinéirí toilteanach na gabháltais a bhronnadh ar an Stát nó go rachaidís i gcomhar leis an Fhondúireacht chun an t-oileán a bhainistiú chun leas an phobail.

Sa chás go dteipfeadh ar na hiarrachtaí sin fosta, thiocfadh leis an Stát athmhachnamh a dhéanamh ansin ar a gcur chuige, a dúradh: "If and when these various possibilities have been explored and prove fruitless, the Government could reconsider the need for direct intervention by way of purchase or legislation."

Tháinig sé chun solais i 1986 go raibh feirmeoir fraocháin ghorma as Alabama darbh ainm Taylor Collings ag iarraidh fáil réidh lena raibh de mhaoin aige ar an Bhlascaod Mór.

Foilsiodh fógra sa Wall Street Journal: "Blasket Islands, 17 units for sale" ar phraghas $900,000. Mhaígh Collings gur leis 17 n-aonad as an 25 gabháltas a bhí ar an oileán agus d'fhostaigh sé an ceantálaí Michael Collins i San Diego chun an talamh ar an oileán a dhíol.

An bhliain ina dhiaidh sin, ar 30 Márta, 1987, dúirt Taylor Collings go raibh sé sásta an talamh a thabhairt ar lámh don Stát nó don Fhondúireacht ar shuim ainmniúil.

Mheas Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeadh costas de idir £50,000 agus £100,000 i gceist. Ach i meamram a d'ullmhaigh siad do Roinn an Taoisigh, léirigh siad a n-imní faoi dhintiúir Collings agus dúradh gur cheart dá thairiscint a bheith "treated with caution until it is confirmed that he is in a position to transfer full title to the 17 holdings and 17/25ths of the commonage."

Bhí bunús lena mbuairt mar, mí ina dhiaidh sin, tuairiscíodh ins an Irish Times go raibh maoin Collings fós ar díol i Meiriceá ar phraghas an mhargaidh agus measadh go raibh triú páirtí i ndiaidh chéad rogha a ghlacadh ar cheannach na dtailte. Measadh gur le cuibhreannas faoi stiúir aturnae ón Daingean, Peter Callery, an talamh sin faoin am seo.  

Idir an dá linn, rinne Coimisinéirí Oifig na nOibreacha Poiblí cinneadh go mbeadh tithe na scríbhneoirí Peig Sayers, Tomás Ó Criomhthain agus Muiris Ó Súilleabháin curtha ar liosta caomhnaithe,aoin Acht um Shéadchomharthaí Náisiúnta.

Tomás Ó Criomhthain

Bheadh sé in éadan an dlí feasta dul chun cinn le haon fhorbairt a dhéanfadh díobháil do na tithe sin. Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí £50,000 dá bhuiséad ar leataobh chun na tithe a athchóiriú.

Ach ní raibh aon reachtaíocht ná fasach in Éirinn a cheadódh don stát páirc náisiúnta a dhéanamh as talamh príobháideach.

Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí fainic ar an Taoiseach go bhféadfadh go mbeadh a leithéid míbhunreachtúil, gan trácht ar a chigiltí is a bheadh cúrsaí cúitimh i gcás seilbh éigeantach ar thalamh.

Dúradh go mbeadh sé místuama a leithéid de reachtaíocht a chur tríd faoi dheifir. Ar an lámh eile, dúirt Oifig na nOibreacha Poiblí go dtabharfadh Ordú Áis Ceantar Speisialta cosaint d'fhormhór an oileáin ó fhorbairt mhíchuí.

Dúradh nach mbeadh siad ró-dhóchasach, áfach, go n-éireodh le Comhairle Chontae Chiarraí a leithéid d'ordú a dhéanamh de bharr easpa cosanta ó chaingin chúitimh. "This might, in fact, be as good a case as any on which to face a possible challenge on the compensation issue," a mhol Oifig na nOibreacha Poiblí.

I Nollaig 1988, scríobh an Taoiseach chuig Cathaoirleach na Fondúireachta, Pádraig Ó Muircheartaigh, ag moladh a chuid oibre.

Sa chéad dréacht den litir (atá i gcomhad de chuid Roinn an Taoisigh ón am) thug sé le fios dó go raibh sé 'ar intinn agam bille a chur os comhair na Dála go luath chun bunú seasmhach a chur ar an bhFondúireacht agus ar chaomhnú an oileáin.' Ach moladh don Taoiseach an abairt seo a scriosadh amach agus fágadh ar lár é ins an litir a seoladh.

Ach ba léir go raibh suim phearsanta ag an Taoiseach sa scéal seo. Léiríonn nóta ar imeall an chomhaid ó 15 Feabhra 1989 gur threoraigh sé do Roinn an Taoisigh go ndreachtfaí bille, bunaithe ar mholtaí na Fondúireachta 'ar bhonn práinne.'

Ar 15 Feabhra 1989, chuir an Taoiseach meamram faoi bhráid an Rialtais a cheadódh don Stát tailte ar an Bhlascaod Mór a fháil chun Páirc Náisiúnta a dhéanamh as.

Ghlac an Rialtas leis an mholadh seo agus gheall an Taoiseach go dtabharfadh sé féin aire don reachtaíocht. (Bhí sé ag feidhmiú mar Aire na Gaeltachta ag an am.)

Léiríonn an comhad ar an ábhar go bhfuair an Taoiseach comhairle ón Ard-Aighne, John Murray, gur cheart go gcuirfí an bille os comhair Thithe an Oireachtais mar Rún Chomhalta Príobháideach, seachas mar bhille de chuid an Rialtais.

Na Blascaodaí

Foilsíodh an Bille um Páirc Náisiúnta Stairiúil An Bhlascaoid Mhóir, i mBealtaine 1989.

Díol spéise gur fágadh mír amháin ar lár ón dréachtbhille ar chomhairle an dréachtóra parlaiminte.

Bhain an mhír seo den Bhille le cumhacht a bheadh ag Aire na Gaeltachta, i gcomhar leis an Aire Airgeadais, íocaíochtaí a dhéanamh leis an Fhondúireacht chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

Ní raibh aon rath ar an reachtaíocht, áfach, mar gur rialaigh an Chúirt Uachtarach i 1999 cloí le breithiúnas an Bhreithimh Declan Budd san Ard Chúirt (i 1998) i gcás a ghlac an comhlacht Blasacaod Mor Teoranta, Peter agus James Callery agus beirt eile in éadan an Achta.

Rialaigh an Chúirt go raibh sé mí-fhéaráilte go gcuirfí iachall ar úinéirí nach raibh aon cheangal teaghlaigh acu leis an oileán ar nós mhuintir Callery a gcuid talaimh a dhíol fad is go gceadófaí d'úinéirí eile de shliocht na n-oileánach a gcuid talamh siúd a choinneáil.

Beidh an clár Siar 30 Bliain ar siúl ar TG4 ag 19.15 anocht