Is í Mary Doogan ón Gweedore Bar ar an Fhál Charrach, Co Dhún na nGall, a bhuaigh an phríomhdhuais aitheantais mar Fhostaí Gaeilge na Bliana atá d'eagraigh Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola. 

Bhí thart ar 200 duine i láthair ag ócáid i nGort an Choirce aréir nuair a bronnadh duaiseanna aitheantais ar fhostaithe i ngnólachtaí áitiúla  a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa láthair oibre agus i measc custaiméirí.

Seo an chéad chomórtas den chineál seo a reáchtáileadh sa Ghaeltacht.

Coiste PleanálaTeanga Chloich Cheann Fhaola a d'eagraigh an comórtas mar chuid dá bplean teanga.

Bronnadh corn agus seic €200 ar Mary Doogan ag an ócáid in Óstán Loch Altan aréir.

Tháinig Bríd Collum ó stáisiún seirbhíse an Fháil Charraigh sa dara háit agus bronnadh an tríú duais ar Liam Mac Eamharcaigh ó Óstán Loch Altan.

Is í Áine Jackson as Óstán Loch Altan a bhuaigh an gradam do Fhostaí Óg Gaeilge na Bliana. Bronnadh corn agus seic €100 ar Áine.