skip to main content

Crainn stoite ó fhréamh san iarthar de bharr na stoirme

Bóthar na Trá, Gaillimh ar maidin
Bóthar na Trá, Gaillimh ar maidin

Stoitheadh crainn ó fhréamh agus rinneadh damáiste do roinnt foirgneamh mar gheall ar an stoirm a thuargain codanna d'iarthar na tíre i gcaitheamh na hoíche. I nGaillimh agus i Maigh Eo is mó a bhí caill ar an aimsir.

Bhí fuarlaigh thart ar Bhóthar na Trá agus áiteanna eile i gcathair na Gaillimhe agus tuairiscítear díobháil a bheith déanta do dheich bhfoirgneamh dá mbarr.

Milleadh roinnt carranna a bhí fágtha cois cladaigh i mBóthar na Trá nuair a bhí sé ina lán mara thart ar 10 chlog.

Tá cáineadh déanta ag Máistir Cuain na Gaillimhe faoina laghad fógra a tugadh faoin anfa. 

Tarraingíodh ancaire an bháid lastais a théann go hÁrainn Saoirse na Mara agus bhí sí triomaithe taobh thoir den duga. Tá sí curtha ar snámh arís ó shin.

Bhí cruinniú éigeandála ag na seirbhísí éigeandála sa chathair ar maidin agus bhí criúnna amuigh ón 5 a chlog ag glanadh an smionagair a d'fhág an stoirm ina diaidh. 

Is i gCo Mhaigh Eo is láidre a bhí na siotaí agus bhí oibrithe Chomhairle Contae ansin amuigh ó mhoch maidine freisin ag glanadh smionagair de bhóithre. 

Luas 117 ciliméadar san uair a bhí faoin ngaoth i gCnoc Mhuire, a deir Met Éireann. 

I nDún na nGall, tuairiscítear 596 teach a bheith gan aon chumhacht abhléise ar inniu de bharr an doininn. 

Bhí súil ag Bord Soláthair an Leictreachais go mbeadh an chumhacht ar ais faoi 2 a chlog inniu.