Tá an ceoltóir mór le rá Arty McGlynn tar éis bháis. Bhí sé 75 bliain d'aois.

Rugadh Arty McGlynn sa bhliain 1944 gar don Ómaigh i gContae Thír Eoghain agus bhain sé cáil amach lena cheol aonair agus as ceoltóirí eile mór le rá a thionlacan ar an ngiotár - leithéidí Van Morrisson, Paul Brady agus an phíobaire Liam O'Flynn.

Bhí sé ina bhall de na bannaí ceoil Dé Danann agus Planxty chomh maith. Sa bhliain 2016, bhronn TG4 Gradam Saoil air.

Maireann a bhean chéile, an fidléir cáiliúil Nollaig Casey, a mbeirt iníonacha agus a thriúr macsa.

Deirtear faoi Arty McGlynn gur duine umhal, séimh, tostach ab ea é agus gur bhain sé an-éacht amach leis an ghiotár a chur chun cinn mar ghléas lárnach sa cheol dúchais. 

Tógadh é i dteach ina raibh ceol agus amhránaíocht le cloisteáil ó dhubh go dubh. Bhí cuisle an cheoil ina thuismitheoirí, rud a thug spreagadh agus muinín do Arty agus é ina ghasúr óg.

Sheinn a mháthair ar an bhfidil, agus a athair ar an mbosca ceoil agus ní haon iontas é gur thosaigh Arty ar an mbosca nuair a bhí sé cúig bliana d'aois.

Nuair a bhí sé aon bhliain déag d'aois, cheannaigh a mháthair giotár dó, rud a spreag é i dtreo an snagcheoil.

Bhí sé an-tógtha leis an stíl agus leis an gcumas ceoil a chuala sé ag leithéidí Barney Kessel agus Wes Montgomery. Faoin am go raibh sé cúig bliana déag d’aois, bhí Arty ag seinm go gairmiúil le grúpaí ceoil.

Chaith sé seal fada ag seinm ar bhonn lánaimseartha le linn na seascaidí suas go dtí deireadh na seachtóidí, agus é ar an mbóthar gan stad agus go minic sa stiúideo taifeadta ag obair le grúpaí agus ceoltóirí móra na linne sin.

Ach faoi dheireadh, mheall an ceol dúchais ar ais é agus sa bhliain 1979 thaifead sé agus d’eisigh McGlynn’s Fancy, taifead a bhfuil tionchar láidir aige go fóill ar fhorbairt agus ar mhúnla an cheoil traidisiúnta.

Seo an chéad albam riamh ina raibh tús áite ag an ngiotár mar uirlis traidisiúnta agus ní haon áibhéil a rá gur cloch mhíle é an ceirnín seo i bhforbairt an cheoil san fhichiú haois.

Thug McGlynn’s Fancy léargas dúinn ar dhomhan ceoil iomlán difriúil ag Arty, ceol a fuair sé  ó leithéidí John Loughran agus Felix Kearney, chomh maith le leaganacha agus ceol úr dá chuid féin.

Ina dhiaidh sin, bhí an-cháil ar Arty mar cheoltóir aonair agus mar thionlacaí agus bhíodh oirfidigh eile i gcónaí ar a thóir.

Féach an comhluadar a mheall sé: Liam O’Flynn, Christy Moore, Dónal Lunny, Frances Black, Cathal Hayden David Hammond, Paul Brady, Patrick Street, Dé Dannan, Planxty, Shaun Davey agus The Van Morrison Band.

Bhí an-tóir ar Arty fosta mar léiritheoir agus mar stiúrthóir ceoil, rud is léir ó na buanna a bhain sé amach ag taifid de chuid Four Men And A Dog, Frances Black agus Christy Hennessy a léirigh Arty.

Le blianta anuas, bhí Arty agus a bhean Nollaig Casey ag seinm, ag cumadh agus ag cóiriú ceoil. Tá dhá cheirnín acu – Lead the Knave agus Causeway - agus bhí siad go minic ar camchuairt ar fud na hEorpa. Chomh maith leis sin, tá a saothar le cloisteáil ar fhuaimrianta na scannán Moondance agus Hear My Song.

Matt Molloy, John Carty agus Arty McGlynn

Chomh maith leis an tionlacan, bhí cumas iontach aige mar oirfideach agus é féin ag seinm na ndreasanna traidisiúnta.

Léirigh sé é seo go forleathan den chéad uair, b'fhéidir, sa gceirnín iontach sin a d’eisigh sé sa mbliain 1979 agus é ag seinm ríleanna, poirt agus eile ar an ngiotár – rud nach raibh déanta – ná b’fhéidir ceadaithe – roimhe sin.

D’fhág an ceirnín sin – agus cinn eile ina dhiaidh – Lead the Knave lena bhean chéile Nollaig Casey mar shampla, tionchar suntasach ar an gcuid is mó de na tionlacóirí a lean ina dhiaidh.

Ba cheannródaí nuálach é Arty McGlynn a chuir a uirlis chun tosaigh go tuisceanach ealaíonta mar chuid den teaghlach traidisiúnta.

Dúirt a chara agus scothcheoltóir eile,Mary Bergin faoi gur "fear ciúin séimh é a chuir é féin in iúl ina chuid ceoil. Tá rian a láimhe agus a chumas le brath le fada an lá."