Dúirt an Tánaiste Simon Coveney gur aisteach an cinneadh atá déanta ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson teorainn ama a chur ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Tá Rialtas na Breataine leis an reachtaíocht chuí a leasú le cinntiú go gcaithfidh an tír a bheith imithe as an Aontas agus deireadh a bheith tagtha le cainteanna trádála roimh dheireadh na bliana seo chugainn.

Dúirt Simon Coveney nach bhfágfaidh seo mórán roghanna ag an mBreatain má bhíonn tuilleadh ama ag teastáil uathu.

Cuirfidh an Tánaiste an Rialtas ar an eolas inniu faoin gcor is deireanaí sa phleanáil atá ar bun ag an tír seo d'imeacht na Breataine.