Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go gcreideann sé go bhfuil an bille a dhéanfas leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla cúng, coimeádach agus casta. Foilsíodh an bille Dé hAoine seo caite.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Coimisinéir Teanga nach bhfuil tada sa reachtaíocht nua a chuirfeadh dualgas daingean ar an Stát freastal ar phobal na Gaeltachta ina dteanga dhúchais.

Ba chóir go mbeadh foráil dhíreach sa reachtaíocht a chuirfeadh an dualgas soiléir sin ar an Stát, a dúirt sé. 

I ráiteas, dúirt Conradh na Gaeilge go bhféadfadh an bille Cothrom na Féinne agus comhionannas a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge den chéad uair riamh sa Stát.

Mar sin féin, a dúradh sa ráiteas, "creideann an eagraíocht go bhfuil gá le leasuithe chun muinín an phobail sa bhille agus leis na gealltanais sa bhille a chinntiú, ar nós an chuspóra go mbeidh 20% d'iontrálaithe nua a earcófar san earnáil phoiblí amach anseo inniúil ar an nGaeilge."