Thréaslaigh an Taoiseach a bhua le Boris Johnson ar maidin agus é sa Bhruiséil do chruinniú mullaigh.
Thug Leo Varadkar 'bua mór millteach ar leibhéal pearsanta' ar thoradh an olltoghcháin, agus dúirt gur toradh soiléir é don Pháirtí Caomhach.
Rud dearfach é toradh daingean a dúirt sé freisin.
Bhí roinnt blianta ann, a dúirt sé, nuair nár fhéad pairlimint móramh a mhealladh d'aon ní. Anois beidh móramh i dTeach na bhFeisirí leis an gComhaontú Aistharraingte a dheimhniú, mar sin is é an chéad chéim eile é sin a dhéanamh.
Bhí an-fhonn air, a dúirt Leo Varadkar, dul ag obair go tréan le Boris Johnson chun Feidhmeannacht Stormont a chur ar bun arís.
Rud títhábhachtach a bhí anseo, dar leis, agus chaithfí tús áite a thabahairt dó.
Duirt an Taoiseach freisin gurb é an chéad chéim eile sa Bhreatimeacht é 'páirtnéireacht nua chumhachtach eacnamaíochta idir an AE agus an Ríocht Aontaithe', rud a cheap sé a d'fhéadfaí a dhéanamh.