Tá tromlach glan tugtha ag pobal na Breataine do Pháirtí Caomhach an Phríomh-Aire Boris Johnson. Os cionn 360 suíochán a bhuaigh na Tóraithe san olltoghchán - gaisce nach ndearnadh ón mbliain 1987.
Tá Jeremy Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre cloíte ... ach tá gaoth úr faoi sheolta Pháirtí Náisiúnta na hAlban a bhuaigh beagnach 50 suíochán. Éileoidh Nicola Sturgeon an dara reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.
Den chéad uair riamh sa Tuaisceart, tá níos mó suíochán ag náisiúnaithe ná aontachtaithe.
Dúirt an Príomh-Aire caithréimeach go bhfuil sainordú láidir tugtha ag an bpobal dó "Breatimeacht" a chur i gcrích.
Chomh sásta le cat an dá eireaball! (Pic: Getty)
Sin a bhfuil den tuairisceoireacht bheo faoi olltoghchán na Breataine. Féachtar na tuairiscí thíos do chuid de na príomhphointí.
- 08:00: Fós ag fanacht leis an dá shuíochán sin. Seo mar atá faoi láthair: Tóraithe 363 (+47), Lucht Oibre 203 (-59), Páirtí Náisiúnta na hAlban 48 (+13), Daonlathaithe Liobrálacha 11 (-1), Plaid Cymru 4, DUP 8 (-2), Sinn Féin 7, SDLP 2 (+2), Alliance 1 (+1).
- 07:10: Gan ach 2 shuíochán le fógairt.
- 07:10: Pléifidh ceannairí an Aontais Eorpaigh toradh an olltoghcháin ag a gcruinniú mullaigh sa Bhruiséil níos deireanaí.
- 06:48: Michelle Gildernew tagtha slán i bhFear Manach-Tír Eoghain Theas. Suíochán buaite aige le móramh 57 vóta. Den chéad uair riamh, tá móramh ag náisiúnaithe ar aontachtaithe - Sinn Féin 7, SDLP 2, DUP 8, Alliance 1.
Beidh an caife sin níos milse ar maidin! Dominic Cummings ag fanacht le hóráid a shaoiste (Pic: Getty)
- 06:48: Gan ach 5 shuíochán le líonadh.
- 06:38: Mórshuaitheadh é seo agus tá mapa polaitíochta na Breataine athraithe ó bhonn againn, a deir Boris Johnson le baill dá pháirtí ag a gceannáras in SW1.
- 06:22: A chaithréim tréaslaithe le Boris Johnson ag Uachtarán Mheiricéa Donald Trump. Margadh iontach trádála ar na bacáin anois, a deir Trump.
- 06:11: Den chéad uair riamh, d'fhéadfadh móramh a bheith ag páirtithe náisiúnacha sa Tuaisceart - Sinn Féin 6 (+1?), SDLP 2, DUP 8. Súil le toradh i bhFear Manach-Tír Eoghain faoi 7 a chlog. Is maith an scéalaí an aimsir.
- 06:00: Fáinne geal an lae. Fáinní dubha faoi shúile polaiteoirí, lucht comhairimh, lucht na meán! 642 as 650 suíochán líonta - Tóraithe 358, Lucht Oibre 203, Páirtí Náisiúnta na hAlban 48, Daonlathaithe Liobrálacha 11, Plaid Cymru 4, DUP 8, Sinn Féin 6, SDLP 2, Alliance 1.
Mochóir i stáisiún traenach Stalybridge in aice Mhanchain ar maidin
- 05:35: 17 as 18 suíochán sa Tuaisceart fógartha - DUP 8, Sinn Féin 6, SDLP 2, Alliance 1. Fós ag fanacht le toradh ó Fhear Manach-Tír Eoghain Theas, Athchomhaireamh ar bun ann.
Michelle Gildernew ó Shinn Féin agus Tom Elliott ó Aontachtaithe Uladh gob ar ghob sa rás. Thart ar 21,900 vóta ag an mbeirt agus gan eatarthu ach 20, deirtear.
- 05:26: Mickey Brady ó Shinn Féin tofa san Iúr agus Ard Mhacha. Ian (Óg) Paisley tofa in Aontroim Thuaidh.
- 05:17: 613 as 650 suíochán líonta - Tóraithe 337, Lucht Oibre 200, Páirtí Náisiúnta na hAlban 46, Daonlathaithe Liobrálacha 8, Plaid Cymru 4, DUP 8, Sinn Féin 6, Alliance 1.
- 05:12: Tá sé deimhnithe go hoifigiúil. Tá tromlach glan ag na Tóraithe agus an teorainn chrua trasnaithe acu! 326 suíochán a theastaíonn le haghaidh tromlaigh agus tá 335 acu.
Cár go cluasa ar Nicola Sturgeon agus ar chuid d'fheisirí tofa Pháirtí Náisiúnta na hAlban (Pic: Getty)
- 05:00: Jeffrey Donaldson agus Carla Lockhart ón DUP tofa i nGleann an Lagáin agus sa Bhanna Uachtair faoi seach.
- 04:40: Suíocháin deimhnithe go dtí seo - Tóraithe 288, Lucht Oibre 188, Páirtí Náisiúnta na hAlban 43, Daonlathaithe Liobrálacha 7, Plaid Cymru 2, DUP 6, Sinn Féin 5, Alliance 1.
Ní raibh bua chomh mór seo ag na Tóraithe ó 1987.
Póstaer bolscaireachta lucht Saatchi & Saatchi ó olltoghchán na Breataine i 1987. Údar suntais gur chroch Donald Trump an mana leis. (Pic: Getty)
- 04:18: Bua mór millteach ag an SDLP i nDoire. Colum Eastwood tofa i dtoghcheantar an Fheabhail le móramh 17,110 vóta ar Elisha McCallion ó Shinn Féin.
- 04:10: Deir ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur léir - mar a dúirt sí riamh - nach bhfuil sé ar chumas aon fheisire parlaiminte as Éirinn dul sa bhealach ar Boris Johnson agus a bhfuil ar intinn aige.
Claire Hanna
- 04:00: Móramh 15,401 vóta ag Claire Hanna ón SDLP ar Emma Little Pengelly ón DUP i mBéal Feirste Theas. I mBearna, Co na Gaillimhe, a rugadh Claire Hanna.
Mealladh mór bainte as ceannaire an DUP Arlene Foster, a deir sí, faoin toradh i mBéal Feirste Thuaidh (Pic: Getty)
Jo Swinson - cloíte ag a céile comhraic ach ardcheannach fós (Pic: Getty)
- 03:52: A suíochán caillte ag ceannaire na nDaonlathaithe Liobrálacha Jo Swinson i Siorrachd Dhùn Bhreatainn Thoir. Cloíte ag Páirtí Náisiúnta na hAlban. Gan ach 149 vóta idir í agus Amy Callaghan.
Comhghairdeachas, a thréinfhir! (Pic: Getty)
- 03:44: Boris Johnson atofa in Uxbridge agus Ruislip Theas. Deir sé gur cosúil go bhfuil sainordú láidir tugtha ag an bpobal dó "Breatimeacht" a chur i gcrích.
- 03:35: Chris Hazzard ó Shinn Féin atofa sa Dún Theas.
- 03:25: Jeremy Corbyn atofa in Islington Thuaidh. Móramh 26,000 vóta aige. Deir sé go bhfuil sé díomách faoi thoradh an olltogcháin agus gur léir gur "Breatimeacht" máthair an oilc.
Deir sé go bhfuil muintir na Breataine in oighear an chochaill ag a chéile dá bharr.
Ní bheidh mé i gceannas ar Pháirtí an Lucht Oibre sa chéad olltoghchán eile, a deir Jeremy Corbyn.
Jeremy Corbyn san ionad comhairimh ina thoghcheantar féin ar maidin (Pic: Getty)
- 03:17: Ní bheidh tromlach na dTóraithe chomh mór agus a tuaradh sa phobalbhreith iarvótála, dar leis an Press Association.
Maíonn siadsan gur 354 suíochán a bheas ag an bPáirtí Caomhach, 206 ag Lucht Oibre, 52 ag Páirtí Náisiúnta na hAlban, 15 ag na Daonlathaithe Liobrálacha 10 ag an DUP, 7 ag Sinn Féin, 4 ag Plaid Cymru, 1 ag páirtí an Alliance agus 1 ag Comhaontas Glas.
- 03:05: Francie Molloy agus Paul Maskey ó Shinn Féin tofa i Lár-Uladh agus i mBéal Feirste Thiar faoi seach. Gregory Campbell ón DUP tofa i nDoire Thoir.
- 03:00: John Finucane SF 23,078 vóta, Nigel Dodds DUP 21,135 vóta. Beagnach 2,000 eatarthu.
John Finucane agus Michelle O'Neill, Sinn Féin ag ceiliúradh na caithréime
- 02:49: Deir John Finucane go mbeadh a athair bródúil as faoin suíochán a bhuachan. Caitheadh agus maraíodh an t-aturnae Pat Finucane os comhair a theaghlaigh i mBéal Feirste i 1989.
- 02:34: Deir Sinn Féin gur cosúil go mbuafaidh John Finucane an suíochán i mBéal Feirste Thuaidh. Tuairiscítear go bhfuil Nigel Dodds ag géilleadh. Tuairim is 1,000 vóta ag Finucane ar Dodds, ceaptar.
- 02:30: Suíocháin deimhnithe go dtí seo - Lucht Oibre 43, Tóraithe 40, Páirtí Náisiúnta na hAlban 5, Plaid Cymru 2, DUP 1, Sinn Féin 1, Alliance 1.
- 02:20: Órfhlaith Begley ó Shinn Féin tofa i dTír Eoghain Thiar.
Stephen Farry, Alliance (Pic: Getty)
- 02:00: An Dún Thuaidh buaite ag Stephen Farry ó pháirtí an Alliance. Jim Shannon ón DUP tofa i Loch Cuan.
- 01:53: "Namhaid déanta dá rún ag Aontachtaithe" - iarcheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh, Mike Nesbitt. Deir sé gur féidir gurb é "Breatimeacht" an ding an scoiltfeas an Ríocht Aontaithe.
- 01:45: A gcéad suíochán buaite ag Páirtí Náisiúnta na hAlban - Margaret Ferrier sa Ruadh-Ghleann agus Hamaltan, Glaschú.
- 01:30: Suíochán eile bainte de Lucht Oibre ag na Tóraithe - Workington in iarthuaisceart Shasana. Bua rábach.
Tóraithe chun an chraobh a thabhairt leo (Pic: Getty)
- 01:22: Órfhlaith Begley ó Shinn Féin i dTír Eoghain Thiar sásta lena vóta.
- 01:08: Suíocháin deimhnithe go dtí seo - Lucht Oibre 9, Tóraithe 3. Ach ... tá an móramh a bhí ag Lucht Oibre sna 9 dtoghcheantar sin laghdaithe. Olc an comhartha dóibh é.
- 01:00: An smúcháil a tugadh do Lucht Oibre á plé sna meáin thall. Céard is cúis leis? "Breatimeacht" nó coimhthíos Jeremy Corbyn le meon an phobail?
Lucht Oibre i ndroim dubhach (Pic: Getty)
- 00:47: Measann an SDLP go mbeidh Colum Eastwood buacach i dtoghcheantar an Fheabhail agus Claire Hanna i mBéal Feirste Theas.
An DUP sábháilte i mBéal Feirste Thoir. Béal Feirste Thuaidh idir dhá cheann na meá.
- 00:46: Dóchas ag páirtí an Alliance go mbuafaidh siad an suíochán sa Dún Thuaidh.
- 00:36: Is cosúil go gcoinneoidh Jeremy Corbyn a shuíochán in Islington Thuaidh i Londain. Vótáil beagnach 80% den phobal sa toghcheantar sin i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach sa reifreann in 2016.
- 00:15: 3 shuíochán a bheas ag Plaid Cymru, más fíor. Sin ceann níos lú ná atá acu faoi láthair.
Tá sé ráite ag ceannaire an pháirtí Adam Price go ndéantar neamhshuim iomlán i Westminster den Bhreatain Bheag.
Dúirt sé go bhfuil an plé faoi neamhspleáchas na Breataine Bige ag an staid a raibh an plé faoi neamhspleáchas na hAlban deich mbliana ó shin.
Páipéir vótála á ngrinnscrúdú i Halla Cathrach Caerdydd sa Bhreatain Bheag (Pic: Getty)
- 23:55: Deir Jeffrey Donaldson ón DUP gur cinniúint na Ríochta Aontaithe a bheas idir chamáin ag feisirí sa pharlaimint nua, ní "Breatimeacht" amháin. Deir a chomhghleacaí Sammy Wilson go mbeidh tionchar fós ag an DUP mar gheall go bhfuil an oiread sin margála fós le déanamh leis an Aontas Eorpach.
An comhaireamh ar bun i dtoghcheantar Uxbridge agus Ruislip Theas in iarthar Londain. "Count Binface," "Lord Buckethead" agus Boris Johnson i measc na n-iarrthóirí! Éireannaigh go leor sa cheantar. (Pic: Getty)
- 23:45: Suíochán Blyth Valley in oirthuaisceart Shasana bainte ag na Caomhaigh de Lucht Oibre. Ceantar mianadóireachta, tráth den saol, a bhí i seilbh Lucht Oibre ó 1950. Portsmouth a bhuaigh Sraith Sacair Shasana i 1950!
- 23:40: An chéad suíochán buaite ag Lucht Oibre - Chi Onwurah i Newcastle Upon Tyne Láir. Sunderland Theas bainte arís acu freisin.
- 23:25: Deir John McDonnell, comhghleacaí tairiseach Jeremy Corbyn, gur léir go bhfuil vótálaithe ag iarraidh go gcuirfí "Breatimeacht" i bhfeidhm agus go bhfuil siad bodhraithe ag an gcaint agus ag an meilt ina thaobh.
- 23:20: Dealraíonn sé nach mbuafaidh Páirtí Breatimeachta Nigel Farage aon suíochán agus tá suíochán Jo Swinson i Siorrachd Dhùn Bhreatainn Thoir i mbaol freisin.
Gan roimh Nigel Farage ach an easair fholamh (Pic: Getty)
- 23:14: Tóraithe 46%, Lucht Oibre 32% an sciar den vóta a fuair an dá pháirtí mhóra de réir na pobalbhreithe.
- 23:05: Ní bheidh Boris Johnson ag brath a thuilleadh ar an DUP, má fhaigheann sé an móramh ábhalmhór atá tuartha. A chomhairle féin a dhéanfas sé más mian leis.
- 22:52: Páirtí Náisiúnta na hAlban tar éis cruthú go fíormhaith. 55 suíochán atá i ndán dóibh le hais an 35 a bhí acu sa pharlaimint dheireanach. 56 suíochán a fuair siad in 2015. Tógfaidh an scéala seo a meanma agus a misneach.
Foclaíocht reifrinn nua ar neamhspleáchas na hAlban á dréachtú ag Nicola Sturgeon?
- 22:47: Luach sterling tar éis ardú go mór i bhfianaise a bhfuil tuartha sa phobalbhreith. Faoiseamh ar lucht na margaí nach parlaimint gan tromlach a bheas ann - is cosúil.
- 22:33: An toradh is measa - más fíor - ag Lucht Oibre ón mbliain 1935. Ba iad Arsenal a bhuaigh Sraith Sacair Shasana i 1935 - an fhoireann a dtacaíonn Jeremey Corbyn leo!
Is cosúil nach raibh Jeremy Corbyn in ann an báire a chosaint ar na Tóraithe (Pic: Getty)
- 22:20: Beidh meangadh Boris Johnson leata anocht i bhfianaise na pobalbhreithe seo. Seans maith anois go bhfíorófar mian a chroí agus go gcuirfear "Breatimeacht" i bhfeidhm ar deireadh! 31 Eanáir, is cosúil, a tharlós an dealú mór ón Aontas Eorpach - 10 mí níos deireanaí ná a beartaíodh.
- 22:00: Beidh tromlach ag an bPáirtí Caomhach - de réir na pobalbhreithe iarvótála a fógraíodh dhá mheandar tar éis do na hionaid vótála dúnadh.
Suíocháin: Tóraithe 368; Lucht Oibre 191; Páirtí Náisiúnta na hAlban 55; Daonlathaithe Liobrálacha 13 - más fíor.
Plaid Cymru 3: Comhaontas Glas 1; Eile 19.
Ipsos MORI a rinne an phobalbhreith thar ceann an BBC, ITV agus Sky.
Go hoifigiúil, 326 suíochán a theastaíonn ó cheannaire na gCaomhach Boris Johnson le go mbeadh tromlach glan aige.
Beidh na príomhphointí faoi chomhaireamh na vótaí in olltoghchán na Breataine ar fáil anseo. Beidh an t-eolas á nuashonrú beo i gcaitheamh na hoíche. Meastar go mbeidh torthaí as an gcuid is mó de na toghcheantair istigh faoi bhreacadh an lae.
- 21:45: Tromlach ag dream amháin, parlaimint gan tromlach nó toradh idir dhá cheann na meá - ceann acu sin a thabharfas an phobalbhreith iarvótála le fios.
- 21:30: Go hoifigiúil, 326 suíochán atá de dhíth le go mbeadh tromlach glan ag aon dream. Níos lú ná sin a theastaíonn i ndáiríre mar gheall gur feisire "neodrach" atá sa spéicéir mar gheall nach nglacann feisirí Shinn Féin páirt sa pharlaimint.
- 21:20: 40 nóiméad fanta. Pobalbhreith iarvótála le fógairt ag 10 a chlog ar theilfís an BBC, ITV agus Sky. Muid ar tinneall.
- 21:10: 46 milliún duine i Sasana, sa Bhreatain Bheag, in Albain agus sa Tuaisceart atá i dteideal vóta a chaitheamh in os cionn 40,000 ionad vótála.
Tá súil leis an gcéad toradh sa Tuaisceart i dtoghcheantar an Dúin Thuaidh ag thart ar 2 a chlog.
- 21:00: Beidh barúil mhaith againn i gceann uair an chloig cén chuma a bheas ar an bparlaimint nua i Westminster nuair a fhógrófar toradh na pobalbhreithe a rinneadh i rith an lae, díreach tar éis do dhaoine a vótaí a chaitheamh.
Is iad na meáin chumarsáide éagsúla thall a fhógrós toradh na pobalbhreithe iarvótála seo.
650 feisire a thoghfar, 18 díobh sa Tuaisceart. 102 iarrthóir atá san iomaíocht ó thuaidh. Beidh díomá ar 84 acu.