Dúirt Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh Ciarán Ó hÓgartaigh gur mhaith leis dá mbeadh i bhfad níos mó cúrsaí ar fáil trí mheán na Gaeilge san Ollscoil.
In agallamh ar Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh go bhfuil súil ag an Ollscoil tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na hionaid atá acu san nGaeltacht.
Tá ionaid acu i gCarna, i nGaoth Dobhair agus ar an Cheathrú Rua.
Beidh straitéis nua ó thaobh na teanga in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ó thaobh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge á chur faoi bhráid an phobail ag tús na bliana seo chugainn.
Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh go dteastaíonn uaidh go mbeidh daoine ar fáil i ngach uile rannóg san ollscoil ionas go mbeidh daoine in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ann.